Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Anois, féach, táimid faoi do bhois; déan linn mar is ceart agus is cóir a dhéanamh linn dar leat.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus a nois, féach, atámoid ad láimhsi: mar as fearr do chitear dhuit do dhéanamh rinn, déan é.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:25
12 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Abrám le Sáraí: “Féach, tá d'ionailt faoi do smacht féin. Déan do rogha rud léi!” Chrom Sáraí ar í a chiapadh dá bhrí sin agus theith sí uaithi.


Ach má deir sé: ‘Ní gean liom thú,’ seo mé agus déanadh sé liom mar is rogha leis.”


Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.”


Dá bhrí sin sheol reachtaire an pháláis, agus rialtóir na cathrach, na sinsir agus an lucht altrama scéala go dtí Iéahú: “Searbhóntaí de do chuid sinne; déanfaimid cibé rud a ordóidh tú dúinn; ní dhéanfaimid rí d'aon duine; déan mar is áil leat.”


Bhí colg orm chuig mo mhuintir, agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht. Lig mé isteach i do lámhasa iad, ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh. Ar an seanduine bhuail tú anuas do chuing go róthrom.


Maidir liomsa, féach, táim in bhur lámha. Déanaigí liom mar is maith agus is cóir libh.


“Tá sé in bhur lámha, mar is eol daoibh,” a dúirt an rí Zidicíá, “óir ní fhéadann an rí aon rud a dhéanamh in bhur n‑aghaidh.”


Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.


Sé a rinne sé leo ná iad a shaoradh ó lámha chlann Iosrael; agus níor mharaíodar iad.


D'fhreagair clann Iosrael an Tiarna: “Pheacaíomar! Déan do rogha rud linn, ach fuascail sinn, impímid ort, inniu féin!”


Ansin tháinig sé go muintir Shucót agus dúirt leo: “Seo iad Zeaba agus Zalmuná a ndearna sibh achasán a chaitheamh liom ina dtaobh, á rá: ‘Arán a thabhairt do d'arm traochta! An ea go bhfuil greim agat cheana féin ar Zeaba agus Zalmuná?’ ”


D'inis Samúéil gach ní dó ansin, gan aon ní a choimeád ar gcúl uaidh. Dúirt Éilí: “Eisean an Tiarna; déanadh sé mar is áil leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí