Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 9:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Sé freagra a thugadar ar Iósua: “Rinneamar amhlaidh mar go rabhamarna, do searbhóntaí, lándeimhin de gur ordaigh an Tiarna, do Dhia, do Mhaois, a ghiolla, an tír seo go léir a thabhairt daoibh agus a bhfuil ina gcónaí ann a scrios romhaibh; agus de réir mar a bhí sibh ag druidim linn tháinig scanradh inár mbeatha orainn romhaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus do fhreagradarsan Iosua, agus a dubhradar, Do bhrigh gur dearbhadh dot sheirbhíseachuibh, mar do aithin do THIGHEARNA Día dhá óglach Maoise an dúithche uile do thabhairt daoibhsé, agus duthchusaigh na tíre uile do scríos romhuibh, uime sin do bhámar lán deagla ar nanmann romhuibhsi, agus do rinneamar an nísi.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 9:24
14 Tagairtí Cros  

Ansin d'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Craiceann ar chraiceann! Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama.


“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.


Bhí sceimhle air dá bharrsan mar go raibh Gibeón chomh breá de chathair le ceann de chathracha an rí féin, í níos mó na Háí agus a saoránaigh go léir ina bhfir chogaidh.


A luaithe a chualamar an scéal, thit an lug ar an lag againn, agus níor fhan misneach ag aon duine de bhur mbarr; óir sé an Tiarna bhur nDia, is Dia ar neamh thuas agus ar talamh thíos.


agus dúirt sí leis na fir: “Tá a fhios agam gur thug an Tiarna an tír daoibh agus gur bhuail scanradh sinn romhaibh, agus gur thit an lug ar an lag ar dhúchasaigh na tíre romhaibh.


Scriosadar a raibh sa chathair ar fad le faobhar claímh - fir agus mná, óg agus aosta, fiú na daimh, na caoirigh agus na hasail.


“Thángamar, do shearbhóntaí, ón imigéin,” ar siad, “de bharr clú an Tiarna do Dhia. Mar chualamar tuairisc air féin agus ar a ndearna sé san Éigipt;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí