Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 8:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 agus tiocfaidh sibhse as bhur luíochán agus gabhfaidh sibh an chathair, óir tabharfaidh an Tiarna bhur nDia ar láimh daoibh í.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Ar a nadhbharsin teithfimne rompasan. Agus annsin éireochthaóisi as an luigheachán, agus sealbhuighidh an chathair: óir do bhéara bhur TTIGHEARNA Día ann bhur láimh í.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 8:7
6 Tagairtí Cros  

Ba é Námán ceannfort arm rí Arám, agus bhí ard mheas agus gean ag a mháistir air mar is tríd a shaor an Tiarna Arám. Ba chalma an laoch gaile agus ba shaibhir an fear é, ach bhí sé ina lobhar.


Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam.


Rachaidh siadsan sa tóir orainn agus meallfaimid ón gcathair iad agus iad á rá: ‘Tá siad ag teitheadh uainn mar a rinneadar an uair dheireanach.’ Teithfimidne rompu, más ea,


Nuair a bheidh an chathair gafa agaibh, cuirigí trí thine í de réir aithne an Tiarna. Féachaigí chuige go ndéanfaidh sibh mar a d'ordaigh mé daoibh.”


Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna arís agus d'fhreagair an Tiarna: “Imigh leat! Gabh síos go Ceíleá mar cuirfidh mise na Filistínigh faoi do bhois.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí