Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 8:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Níor fágadh fear i Háí (ná i mBéitéil) nár ghabh amach ar thóir Iosrael; d'fhágadar an chathair ar leathadh agus leanadar Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus níor fhágbhadh duine ann Ai nó a Mbetel, nach deachuidh amach do leanmhuin Israel: agus do fhágbhadar an chathair oscuilte, agus do leanadar Israel.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 8:17
9 Tagairtí Cros  

Ceapann sé an mhuintir ghlic i ngaiste a ngliocais, Agus teipeann go grod ar scéimeanna na gcladhairí.


“Ach ní ligfeadh Síochon rí Heisbeon dúinn gabháil trína fhearann; d'fhág an Tiarna do Dhia a spiorad crua agus a chroí dána, d'fhonn é a fhágáil faoi do láimhse, rud atá fós inniu.


Ba é deonú an Tiarna a gcroíthe a chruadh chun go rachaidís chun catha in aghaidh Iosrael d'fhonn go gcuirfí gan taise faoin mbang iad agus go scriosfaí iad mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


Glaodh ar a raibh sa chathair chun dul sa tóir orthu agus nuair a chuadar sa tóir ar Iósua d'fhágadar an chathair féin gan chosaint.


Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Sín an ga atá i do láimh i gcoinne Háí óir táim ar tí í a thabhairt i do láimh duit.” Agus shín Iósua an ga a bhí ina láimh aige i gcoinne na cathrach.


Ansin d'éirigh Iósua agus a lucht cogaidh go léir chun ionsaí a dhéanamh ar Háí. Thogh Iósua tríocha mile gaiscíoch agus sheol uaidh iad i gcoim na hoíche,


Rinne clann Bhiniáimin ruathar in aghaidh an tslua agus mealladh ón gcathair iad. Chromadar ansin ar chuid den mhuintir a bhí ar na bóithre suas go Béitéil agus go Gibeón a threascairt agus a mharú dála na n‑uaireanta eile; mharaíodar ansiúd, amuigh faoin tuath, timpeall deichniúr ar fhichid d'arm Iosrael.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí