Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 6:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 D'éirigh Iósua go moch ar maidin agus thóg na sagairt leo áirc chonradh an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus do éirigh Iosua go moch ar maidin, agus do thógbhadar na sagairt airc an TIGHEARNA súas.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 6:12
11 Tagairtí Cros  

D'éirigh Abrahám go moch ar maidin, chuir an diallait ar an asal, rug leis beirt dá shearbhóntaí agus a mhac Íosác. Ghearr sé an t‑adhmad don íobairt dhóite agus chuir chun bealaigh i dtreo na háite a dúirt Dia leis.


thug sé an t‑ordú seo do na Léivítigh a d'iompraíodh áirc chonradh an Tiarna:


Go luath ar maidin d'éirigh Iósua agus scoir an campa agus ar aghaidh leis ó Shitím agus muintir Iosrael go léir fairis. Shroicheadar bruach na Iordáine agus shuíodar campa ann roimh dhul anonn.


Ghabh áirc an Tiarna timpeall na cathrach de réir a orduithe; ní dhearna sí an timpeall ach aon uair amháin; ansin d'fhilleadar ar an gcampa agus chaitheadar an oíche ann.


Ghabh na seacht sagairt ar aghaidh roimh áirc an Tiarna ag iompar na seacht dtrumpa adhairce reithe ag séideadh na dtrumpaí gan stad; ghabh an t‑urgharda rompu amach, agus an cúlgharda i ndiaidh áirc an Tiarna agus na trumpaí á séideadh gan stad.


Ghabh clann Iosrael amach ar maidin agus shuíodar a gcampa os comhair Ghibeá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí