Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 4:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 agus dúirt sé leo: “Ar aghaidh libh roimh áirc an Tiarna bhur nDia go lár na Iordáine, agus tógadh gach duine agaibh cloch ar a ghualainn, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus a dubhairt Iosua ríu, Eirgidhe thairis roimhe aírc bhur TTIGHEARNA Dé go meadhon Iordan, agus tóghhuidh súas gach éanduine aguibh cloch ar a ghúaluinn, do reir uibhre threabh chloinne Israel:

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 4:5
7 Tagairtí Cros  

Dúirt Iacób lena bhráithre: “Cruinnigí clocha,” agus chruinníodar roinnt cloch agus rinneadar carn. D'itheadar béile ansiúd ar an gcarn.


Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.


An uair a théann sibh thar Iordáin isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, cuir líoga móra ina seasamh agus cuir brat aoil orthu;


“Éist, a Iosrael! Tá tú ar tí dul thar an Iordáin inniu, chun ciníocha is mó agus is treise ná thú féin a chur as seilbh agus cathracha móra atá daingnithe go hard na spéire a ghabháil.


Nuair a shroich siad na ciorcail chloch ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, altóir mhór thaibhseach.


Ansin ghlaoigh Iósua ar an dáréag a roghnaigh sé as clann Iosrael, fear as gach treibh,


chun cuimhneachán a dhéanamh air seo in bhur measc; nuair a chuirfidh bhur gclann ceist oraibh sna blianta le teacht: ‘Cad é an chiall atá agaibh leis na clocha seo?’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí