Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 3:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 i dtreo go mbeadh a fhios agaibh cén treo ina bhfuil sibh le dul mar nár ghabh sibh an tslí seo riamh cheana. Ach bíodh spás timpeall dhá mhíle banlámh idir sibh féin agus an áirc; ná téigí ina gaire.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Gidheadh biáidh spás eadruibh féin agus í, timchioll dhá mhíle cubhad do thomhas: ná tigidh laímh riá, chor go mbiadh fios na sligheadh aguibh íona ccaithfidhe gabháil: óir níor ghabhabhair an tslighesi roimhe so.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 3:4
12 Tagairtí Cros  

Chonaic Iacób nach raibh gnaoi Lábán air faoi mar a bhíodh.


San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna do Dhia leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar mo phobal Iosrael.’ ”


Cé hé an fear lenarb eagal an Tiarna? Déanfaidh sé eolas na slí is tofa dó.


Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta, cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?


Déan teorainneacha an tsléibhe a rianú timpeall á rá: ‘Seachnaígí agus ná téigí faoin sliabh suas ná baint lena theorainn; aon neach a bhainfidh leis an sliabh, cuirfear chun báis é.


“Ná tar níos gaire,” arsa [an Tiarna], “bain do bhróga de do chosa óir an ball ar a bhfuil tú i do sheasamh, is talamh naofa é.”


“Ach, a Thiarna liom,” arsa Maois leis an Tiarna, “ní duine dea-labhartha mé aon lá de mo shaol go dtí seo, ná ó labhair tú le do sheirbhíseach; is mall mo chaint agus is righin mo theanga.”


Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.


Seo mar a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit, is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.


agus thug na treoracha seo don phobal: “Nuair a fheicfidh sibh áirc chonradh an Tiarna bhur nDia agus na sagairt Léivíteacha á hiompar, ní foláir daoibh imeacht ó bhur stáitse agus í a leanúint


Dúirt Iósua leis an bpobal: “Naomhaígí sibh féin, óir déanfaidh an Tiarna míorúiltí in bhur measc amárach.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí