Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 24:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Agus scríobh Iósua na briathra sin i leabhar dhlí Dé. Agus thóg sé gallán mór agus chuir sé ina sheasamh ansin é faoin dair a bhí i sanctóir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 ¶ Agus do scríobh Iosua na briathraso a leabhar dhlighe Dé, agus do thóg cloch mhór, agus do chuir na seasamh annsin í faói dharuigh, do bhí láimh ré sanctora an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 24:26
10 Tagairtí Cros  

Thóg Iacób cloch agus chuir ina seasamh í mar ghallán cuimhneacháin.


Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.


Agus fuair Deaborá buime Ribeacá bás, agus adhlacadh í laistíos de Bhéitéil faoi chrann darach; thugadar Dair na nDeor dá bhrí sin ar an áit sin.


Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.


Chruinnigh ceannairí uile Sheicim agus Bhéit Mileo i gceann a chéile agus cheapadar Aibímeilic ina rí taobh le dair an cholúin i Seicim.


Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir (“Cloch na Cabhrach”) uirthi á rá: “Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí