Iósua 23:11 - An Bíobla Naofa 198111 Déanaigí deimhin de, más ansa libh bhur n‑anam, grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 Tugaidh aire mhaith dhaóibh féin, ar a nadbharsin go mbía grádh aguibh da bhur TTIGHEARNA Día. Féach an chaibidil |
Má ghéilleann tú d'aitheanta an Tiarna do Dhia a ordaímse duit inniu, má ghránn tú an Tiarna do Dhia agus siúl ina bhealaí, agus a aitheanta, a reachtanna agus a orduithe a choimeád, ansin beidh an bheatha agat, agus beidh síol ort, agus cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort sa tír a bhfuil tú ag dul ann lena shealbhú.
Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.”