Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 2:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Anois dá bhrí sin, tugaigí an leabhar dom dar an Tiarna, ós rud é go raibh mise dílis cineálta libhse go mbeidh sibhse leis dílis cineálta le líon tí m'athar agus tugaigí geall cinnte dom,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Annois ar a nadhbharsin guidhim sibh, tugaidh bhur mionna dhamhsa fan TTIGHEARNA, ó thaisbéan mé cinéul dáoibh, go ttaisbéantáoisi mar sin cinéul do thigh matharsa, agus comhartha fíre do thabhairt damh:

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 2:12
24 Tagairtí Cros  

Mionnaigh dar Dia dá bhrí sin anseo domsa nach ndéanfaidh tú calaois ormsa ná ar mo chlann ná ar mo shliocht, ach ó bhios-sa cineálta leatsa go mbeidh tusa chomh cineálta céanna liomsa agus leis an bhfearann ina bhfuil tú le seal.” “Déanfad,” arsa Abrahám, “mionnaim sin duit.”


agus cuirfidh mé faoi bhrí na mionn thú, dar an Tiarna, Dia neimhe agus talún, gan bean a fháil do mo mhac ó iníonacha na gCanánach a bhfuil cónaí orm ina measc


Chuir an searbhónta a lámh faoi cheathrú Abrahám, a thiarna, dá bhrí sin agus thug sé mionn dó go ndéanfadh sé an méid sin.


Ach cuimhnigh ormsa nuair a bheidh an scéal go maith agat agus cuir de chomaoin orm le do thoil, mé a lua le Forann d'fhonn mé a scaoileadh amach as an teach seo.


Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D'éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.


Beidh an fhuil ina comhartha agaibh ar na tithe ina bhfuil sibh. Nuair a fheicfidh mé an fhuil gabhfaidh mé tharaibh agus ní thitfidh aon phlá oraibh do bhur scrios nuair a bhuailfidh mé talamh na hÉigipte.


Agus má thabharfaidh siad dá n‑aire slí mo phobail a fhoghlaim agus mionnú i m'ainmse: Go maire an Tiarna; mar a mhúin siad siúd do mo phobal mionnú faoi Bhál, ansin beidh áit acu i measc mo phobail.


Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh. “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean leo, “sin é é. Gabhaigí é, agus tugaigí libh é go haireach.”


bíonn siad gan tuiscint gan tairise, gan taise gan trua.


an duine nach ndéanann aon chúram dá mhuintir agus do lucht a theaghlaigh féin go háirithe, tá an creideamh séanta aige agus is measa é ná an díchreidmheach.


Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.


go ndéanfaidh sibh anacal ar m'athair agus ar mo mháthair, ar mo dheartháireacha agus ar mo dheirfiúracha, agus ar gach aon duine a bhaineann leo, agus go dtabharfaidh sibh slán ón mbás sinn.”


Féach nuair thiocfaimidne isteach sa tír déansa an coirdín craorag seo a cheangal den fhuinneog ónar scaoil tú anuas sinn; ní foláir duit d'athair agus do mháthair agus muintir d'athar ar fad a thabhairt leat isteach i do theach.


Má théann aon duine thar thairseacha do thí amach sa tsráid, beidh a chuid fola sa mhullach air féin, ach beimidne neamhchiontach; ach má leagtar lámh ar aon duine a bheidh farat sa teach, beidh a chuid fola sa mhullach orainne.


Dúirt Iósua leis an mbeirt a rinne an tír a bhrath: “Isteach libh i dteach na striapaí agus tugaigí libh amach as an bhean agus gach a mbaineann léi mar a mhionnaigh sibh di.”


Rinne Iósua síocháin agus conradh leo ag dul i mbannaí lena n‑anam, agus dhaingnigh an pobal é sin faoi bhrí na mionn.


Chonaic an lucht taiscéalta fear ag teacht amach ón gcathair. “Má thaispeánann tú an tslí isteach sa chathair dúinn,” ar siad leis, “déanfaimid anacal anama ort.”


Dúirt Dáiví leis: “An dtreoroidh tú síos chun na ceithirne seo mé?” D'fhreagair sé: “Mionnaigh dom dar Dia nach maróidh tú mé, ná mé a thabhairt i láimh mo mháistir, agus treoróidh mé síos chun na ceithirne seo thú.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí