Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 2:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 A luaithe a chualamar an scéal, thit an lug ar an lag againn, agus níor fhan misneach ag aon duine de bhur mbarr; óir sé an Tiarna bhur nDia, is Dia ar neamh thuas agus ar talamh thíos.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus ar ball a gcúalamar na neithesi, do leaghadh ar gcroidhthe, agus níor fhan ní is mó do bheódhachd a néanduine, ar bhur sonsa: oír sé bhur TTIGHEARNA Día, is Día ar neamh shúas, agus ar talamh shíos.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 2:11
27 Tagairtí Cros  

Go raibh na briathra seo de mo chuid, lena ndearna mé urnaí os comhair an Tiarna, i bhfianaise an Tiarna mo Dhia, de lá agus d'oíche, agus go seasa sé lena shearbhónta, agus go seasa sé lena phobal Iosrael de réir mar éileofar lá i ndiaidh lae;


Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”


Nuair a chuala ár naimhde ina thaobh, agus go bhfaca na ciníocha máguaird é, chuir sé alltacht orthu; bhí drochmheas acu ar ár naimhde agus d'admhaíodar gur le cabhair ár nDé a cuireadh an obair i gcrích.


Óir tugann do sheirbhísigh taitneamh dá clocha; agus is trua leo fiú amháin a fothracha.


Leathann siad a gcraos i mo choinne mar leon amplach agus é ag búiríl.


Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia; stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna.


Bíodh náire agus scéin go brách orthu; go n‑éaga siad faoi tháir agus tharcaisne!


Ar a chlos seo dóibh, tháinig ballchrith ar na ciníocha; chuaigh áithritheoirí na Filistíne i gceas naíon.


Tháinig suaitheadh ar phrionsaí Eadóm; bhí greim ag an gcreathán ar cheannairí Mhóáb; d'imigh leá ar áithritheoirí Chanán go léir.


Dá bharr sin tá na lámha uile ar sileadh, agus croí an uile dhuine go fann;


Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.


An faobhar don ár, an snas don drithliú. An cúis áthais é seo againn gur dhíspeag sibh ríshlat mo mhic amhail gach sórt crainn?


“Sladaigí an t‑airgead! Sladaigí an t‑ór!” Tá saibhreas gan áireamh ann, flúirse den uile shaghas maoine.


Cá bhfuil ár dtriall? Chuir ár mbráithre féin lagmhisneach orainn: “Is mó agus is airde iad na daoine ná sinne,” ar siad, “tá a gcathracha ábhalmhór le ballaí a shroicheann chun neimhe; chonaiceamar clann Anácaím ann chomh maith.’ ”


Leanadh na scríobhaithe orthu ag caint leis an bpobal agus abraidís: ‘An bhfuil easpa misnigh nó beaguchtach ar aon duine anseo? Abhaile leis agus ná cuireadh sé droch-mhisneach ar a chompánaigh chomh maith.’


tuig é seo inniu dá bhrí sin agus ding i do chroí é: Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é.


Ach mo bhráithre a ghabh suas liom, chuireadar lagmhisneach ar an bpobal, ach rinne mé féin rud ar an Tiarna go beacht.


Dúradar le Iósua: “Tá an tír go léir tabhartha faoinár láimh ag an Tiarna, agus tá ballchrith ar a gcónaíonn ann le heagla romhainn.”


Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.


Mharaigh muintir Háí timpeall seisear déag ar fhichid díobh; ruaigeadar iad ó gheata na cathrach chomh fada le Seabáraím agus phleancadar iad agus iad ag dul le fána. Thit an lug ar an lag ar an bpobal agus theip ar fad ar a misneach.


Sé freagra a thugadar ar Iósua: “Rinneamar amhlaidh mar go rabhamarna, do searbhóntaí, lándeimhin de gur ordaigh an Tiarna, do Dhia, do Mhaois, a ghiolla, an tír seo go léir a thabhairt daoibh agus a bhfuil ina gcónaí ann a scrios romhaibh; agus de réir mar a bhí sibh ag druidim linn tháinig scanradh inár mbeatha orainn romhaibh.


agus iad á rá leis na cnoic agus leis na carraigeacha: “Titigí orainn agus folaigí sinn ar ghnúis an té atá ina shuí sa ríchathaoir agus ar fhearg an Uain;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí