Iósua 19:50 - An Bíobla Naofa 198150 Thug siad dó, ar ordú an Tiarna, a rogha cathair, Timneár Searach in ardáin Eafraim. Rinne sé an chathair sin a atógáil agus chuir faoi inti. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)50 Do réir fhocail an TIGHEARNA thugadar an cathair do íarr se dho, mar atá Timnat‐serah a slíabh Ephraim: agus do thóg sé an chathair, agus do chomhnuigh innte. Féach an chaibidil |