Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 19:46 - An Bíobla Naofa 1981

46 Mé Iarcón, Racón agus an dúiche sall ó Iopa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

46 Agus Me‐iarcon, agus Racon maille ris an teóruinn as coinne Iapho.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 19:46
10 Tagairtí Cros  

Agus maidir linne, déanfaimid cibé adhmad is gá duit ón Liobáin a ghearradh agus a thabhairt chugat ar cheann téide ar muir go Iopá le gur féidir duit féin é a thabhairt as sin go Iarúsailéim.”


Rinne Solamh áireamh ar na daoine deoranta go léir a raibh cónaí orthu i dtír Iosrael de réir an daonáirimh a rinne Dáiví a athair orthu. Ba é an líon a fuarthas ná céad agus caoga trí mhíle sé chéad.


D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.


d'aithris dóibh an scéal tríd síos agus chuir chun siúil go Iopae iad.


Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Taibít (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn “eilit”). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce.


Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill.


Leath an scéal sin ar fud Iopae agus chreid mórán sa Tiarna.


D'fhan sé in Iopae ar feadh i bhfad fara súdaire darbh ainm Síomón.


Iahud, Beiné Barac, Gat Rimeon,


Ach chuir lucht dhúiche chlann Dhán ina n‑aghaidh, agus ghabh clann Dhán ó thuaidh dá bhrí sin agus d'ionsaíodar Leisim; ghabh siad é agus d'imir faobhar claímh air. Thóg siad seilbh ar an gcathair agus chuir fúthu inti, agus d'athraigh siad a hainm ó Leisim go Dán, i gcuimhne a sinsir, Dán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí