Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 19:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Alam Meilic, Amád, Miseál; ar an taobh thiar shroich sé Cairmeil agus srutháin Libneát.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus Alammelech, agus Amad, agus Misael; agus roighidh go Carmel shíar, agus go Sihor‐libnat;

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 19:26
15 Tagairtí Cros  

Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”


Chuir Acháb tionól ar chlann Iosrael uile agus bhailigh sé na fáithe le chéile ar Shliabh Chairmeil.


Nuair a d'imigh Acháb ar ais le bia agus deoch a chaitheamh, chuaigh Éilias suas go barr Chairmeil, d'umhlaigh sé go talamh agus chuir a aghaidh idir a ghlúine.


Chuaigh sé as sin go Sliabh Chairmeil, agus d'fhill ar ais as sin go dtí an tSamáir.


Do mhuineál mar thúr eabhair, do shúile mar locháin Heisbeon faoi gheata Bhat Rabaím. Do shrón mar thúr sa Liobáin ag faire i dtreo na Damaisce.


Tá an tír ag mairgneach agus ag meath; tá an Liobáin feoite le náire. Is geall le gaineamhlach Seárón; tá Báiseán agus Cairmeil suaite lomtha.


Maise na Liobáine tugtar dó, scéimh Chairmell agus Sheárón lena chois sin; beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seo agus scéimh an Dé seo againne.


Trí do ghiollaí thug tú masla don Tiarna. Dúirt tú: Le hiomad mo charbad chuaigh mé suas ar mhullach na sléibhte, ar bheanna iargúlta na Liobáine. Ghearr mé anuas an chuid is airde dá céadrais, an chuid is áille dá cufróga. Bhain mé amach an ascaill is uaigní ann agus na cluainte i lár a cuid caschoille.


Mar a mhairimse - a deir an rí darb ainm Tiarna na Slua - Go deimhin mar atá Tábór i measc na sléibhte agus Cairmeil os cionn na farraige, is mar sin a thiocfaidh sé.


Máón, Cairmeil, Zíf, Iútá,


Ina bhfearann bhí Healcat, Haili, Beitin, Aicseáf,


Ar an taobh eile ghabh sé soir go Béit Dágón, shín chomh fada le Zabúlun agus Gleann Ifteachael, ó thuaidh go Béit Éimic agus Níéil; as sin ar aghaidh go Cábúl. Ar an taobh thuaidh


De threibh Áiséar Miseal lena thalamh féaraigh, Abdón lena thalamh féaraigh,


Chuaigh Samúéil amach ar maidin go moch le bualadh le Sól; fuair Samúéil scéala go raibh sé imithe go Cairmeil chun leacht a thógáil dó féin, agus gur chas agus gur ghabh sé ar aghaidh as sin síos go Gilgeál.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí