Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 17:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ar thaobh Áiséar ba é Micmeatát os comhair Sheicim teorainn Mhanaise; ghabh sí ó dheas ansin go Iaisíb ag tobar Thapúach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 ¶ Agus do bhí cósta Mhanasseh ó Aser go Michmetah, atá as coinne Shechem; agus do chuáidh an téora air fad ar an láimh dhéis go dúthchusaibh En‐tappuah.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 17:7
15 Tagairtí Cros  

Leag Seicim, mac Hamór, an Hiveach, taoiseach na dúiche sin, súil uirthi, d'fuadaigh í agus d'éignigh í, agus choill a clú.


D'imigh a dheartháireacha chun tréad a n‑athar a chur ar féarach in aice le Seicim.


“Imigh leat anois,” ar sé leis, “agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.” Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.


A luaithe a chuala Iarobám mac Nabát an scéala agus é fós san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí, d'fhill sé ón Éigipt.


Ansin thóg Iarobám Seicim in ardáin Eafráim agus chuir faoi ann. Ansin d'fhág sé an áit sin agus dhaingnigh sé Panúéil.


Thug tú comhartha don dream lenarb eagal tú ionas go dteithfidís as raon an bhogha, Selah


mar go bhfuair iníonacha Mhanaise oidhreacht chomh maith lena mhic. Leis an gcuid eile de chlann mhac Mhanaise dúiche Ghileád.


Le Manaise dúiche Thapúach, ach le clann Eafráim baile Thapúach féin ar an teorainn le Manaise.


Roghnaíodar Ceidis sa Ghailíl in ardáin Naftáilí, agus Seicim in ardáin Eafráim, agus Ciriat Arba (Heabrón is é sin) in ardáin Iúdá.


Tugadh dóibh Seicim, an chathair thearmainn don mharfóir, lena thalamh féaraigh in ardáin Eafráim, agus Geizir lena thalamh féaraigh,


Chuir Iósua tionól ar threibheanna uile Iosrael go Seicim, agus ghair sé chuige seanóirí agus taoisigh agus breithiúna agus feidhmeannaigh Iosrael, agus tháinig siad i láthair Dé.


Cnámha Iósaef a thug clann Iosrael aneas ón Éigipt leo, adhlacadh iad i Seicim, sa phaiste talún a cheannaigh Iacób ó chlann Hamór, athair Sheicim, ar chéad píosa airgid; rinne oidhreacht de chuid chlann Iósaef de.


Chuaigh Aibímeilic mac Iarubál go Seicim, go bráithre a mháthar, agus dúirt leosan agus le fine uile theaghlach a mháthar:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí