Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá.
Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite chun catha; chruinníodar le chéile i Sócó, baile in Iúdá, agus shuíodar a gcampa idir Sócó agus Azaecá in Eifis Daimím.
D'imigh Dáiví leis ón áit sin agus chuaigh i bhfolach in uaimh Adulám. Chuala a dheartháireacha agus muintir a athar go léir é sin agus chuadar síos ansiúd chuige.