Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 15:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Thiomáin Cálaeb triúr mac Anac amach aisti: Séisea, Aichímeán, agus Talmai, sliocht Anac.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus do dhíbir Cáleb as sin triúr mac Anac, Sesai, agus Ahiman, agus Talmaí, clann Anac.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 15:14
9 Tagairtí Cros  

mac Ióais], de shliocht Ráfá, agus sleá trí chéad seicil chré-umha aige, agus claíomh nua ar iompar aige agus é lán de mhuinín go maródh sé Dáiví.


Chonaiceamar, chonaiceamar sin, fathaigh ann (clann Anac, sliocht na bhfathach) agus ba gheall le dreoilíní teaspaigh sinn féin, dar linn, agus bhíodarsan den tuairim gur míoltóga sinn.”


Árrachtaigh mhóra arda clann seo Anácaím mar is eol duit; chuala tú an nath ina dtaobh: ‘Cé a d'fhéadfadh seasamh in aghaidh chlann Anác?’


Ansin tháinig Iósua agus scrios sé na hAnácaím ó na hardáin, ó Heabrón, ó Dheibír, ó Anáb, ó ardáin Iúdá go léir agus ó ardáin Iosrael go léir; chuir sé iad féin agus a gcathracha faoin mbang.


Níor fágadh aon Anácaím i bhfearainn chlann Iosrael ach ag Gazá, Gat, agus Aisdeod.


Agus d'ionsaigh Iúdá na Canánaigh a bhí ag cur fúthu i Heabrón - Ciriat Arba a ba ainm do Heabrón anallód - agus chloíodar Séisí agus Aichímeán agus Talmai.


Tugadh Heabrón do Chálaeb de réir mar a dúirt Maois mar gur dhíbir sé triúr mac Anác as.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí