dá bhrí sin, gearrfaidh mé trí theorainn chnocach Mhóáb agus scriosfaidh mé na cathracha sa dúiche, ábhar mórtais na tíre, Béit Isimiot, Bál Meón agus Ciriataím.
agus iad lastall den Iordáin sa ghleann láimh le Béit Peór i bhfearann Síochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon; bhris Maois agus clann Iosrael airsean ar theacht as an Éigipt dóibh,
agus soir thar an Arabá go Muir Chinearót ar thaobh, agus go Muir an Arabá, Muir an tSalainn, i dtreo Bhéit Isimiot chomh fada le spoir shliabh Phisceá ar an taobh theas;
cathracha an ardchláir go léir, is é sin, agus ríocht uile Shíochon rí na nAmónach, a rialaigh i Heisbeón; chloígh Maois eisean, agus taoisigh Mhidián - Eiví, Reicim, Zúr, Húr, agus Reaba, prionsaí le Síochon a bhí ag cur fúthu sa tír.