Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:39 - An Bíobla Naofa 1981

39 Ghabh sé í féin agus a rí agus na láithreacha go léir a bhain léi; d'imríodar faobhar claímh orthu agus chuireadar gach dúil bheo inti faoin mbang; níor fhág sé fear inste scéil. Thug sé an íde chéanna ar Dheibír agus ar a rí agus a thug ar Heabrón agus a thug ar Libneá agus ar a rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

39 Agus do ghabh í, agus a rígh, agus a caithreacha uile; agus do bhuaileadar íad lé faobhar an chloidhimh, agus do mharbhadar a raibh danmannuibh innte; níor fhág aon béo: mar do rinne sé re Hébron is mar sin do rinne re Debir, agus re na rígh; mar do rinne fós re Libnah, agus re na rígh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:39
11 Tagairtí Cros  

Ansin mharaigh Iéahú gach ar mhair de shliocht Acháb in Izréil, a mhaithe go léir, a dhlúthchairde agus a shagairt, gan duine díobh a fhágáil ina bheatha.


Beidh teach Iacóib ina thine, agus teach Iósaef ina lasair; agus teach Éasau ina choinleach. Cuirfear trí thine iad, agus loiscfear iad, agus ní fhágfar duine de theach Éasau beo. Tá an Tiarna tar éis labhairt.”


Thug an Tiarna, más ea, Óg rí Bháiseán agus a mhuintir uile ar láimh dúinn chomh maith agus phleancamar é go dtí nár fágadh fear inste scéil.


Ansin tháinig Horám rí Gheizir aníos i gcabhair ar Láicís, ach threascair Iósua é féin agus a mhuintir agus níor fágadh duine beo.


ghabhadar í agus d'imríodar faobhar claímh uirthi féin, ar a rí agus ar gach láthair a bhain léi, agus ar gach duine inti; agus, faoi mar a rinne sé le hEaglón, níor fhág sé fear inste scéil inti; chuir sé faoin mbang í le gach dúil bheo inti.


Ansin chas Iósua i leataobh in aghaidh Dheibír, agus sluaite Iosrael go léir fairis, agus d'ionsaigh sé í.


Fuair Iósua an lámh in uachtar ar an gcuma sin ar an tír ar fad - na hardáin, an Neigib, na hísleáin, na fánaí, agus a ríthe go léir; níor fhág sé duine beo, agus chuir sé gach dúil bheo faoin mbang mar a d'ordaigh an Tiarna, Dia Iosrael.


Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.


rí Dheibír, duine; rí Gheidir, duine;


Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.’ ”


Ghabh sé Agag rí Amáiléic ina bheatha, agus chuir na daoine go léir chun báis le faobhar claímh faoin mbang.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí