Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 10:26 - An Bíobla Naofa 1981

26 Ansin bhuail Iósua an buille báis orthu agus mharaigh iad agus chroch iad ar chúig crainn, agus fágadh crochta ar na crainn iad go tráthnóna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus na dhiáighsin do bhúail Iosua íad, agus do mharbh sé íad, agus do chroch sé ar chúig crannuibh íad: agus do bhádar crochta ar na crannuibh go tráthnóna.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 10:26
14 Tagairtí Cros  

déantar seachtar mac leis a thabhairt ar láimh dúinn, i dtreo go ndéanfaimis iad a chrochadh os comhair an Tiarna i nGibeón ar shliabh an Tiarna.” “Tabharfaidh mé ar láimh iad,” arsan rí.


Thug sé iad i lámha na nGibeónach agus chroch siadsan iad ar an sliabh os comhair an Tiarna. Ídíodh an seachtar acu le chéile. Cuireadh chun báis iad i gcéad laethanta an fhómhair, i dtus fhómhar na heorna.


D'fhonn díoltas a agairt ar na ciníocha, agus diansmacht a chur ar na náisiúin,


Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhde agus mhill tú an drong a thug fuath dom.


Dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg ceannairí uile an phobail, agus caith le faill i lár an lae ghéigil ghil i bhfianaise an Tiarna iad; ansin iompóidh cuthach feirge an Tiarna ó Iosrael.”


D'fhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!”


Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide - óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin - rinne siad achainí ar Phioláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí.


Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”


Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine d'ordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu.


Ansin dúirt Zeaba agus Zalmuná: “Éirigh féin agus maraigh sinn; óir tá neart fir de réir mar atá an fear sin.” Ansin d'éirigh Gideón féin agus mharaigh Zeaba agus Zalmuná, agus ghearr anuas na stuanna a bhí ar mhuiníl a gcamall.


Dúirt Samúéil: “Mar a d'fhág do chlaíomh mná gan chlann, Fágfar do mháthair gan chlann i measc na mban.” Ansin rinne Samúéil Agag a choscairt ina ablach i láthair an Tiarna i nGilgeál.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí