Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióéil 3:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 “Agus ina dhiaidh sin doirtfidh mé mo spiorad amach ar chách agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonacha tairngreacht; beidh taibhrimh ag bhur seanóirí agus feicfidh bhur bhfir óga aislingí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Oir, féuch, annsna láethibh sin, agus annsa namsin, an tan do bhéarus misi ar áis braighdionus Iúdah agus Ierusalem,

Féach an chaibidil Cóip




Ióéil 3:1
23 Tagairtí Cros  

Á, go dtaga slánú Iosrael as Síón amach! Nuair a chasfaidh an Tiarna an rath ar a phobal, beidh áthas ar Iacób agus gairdeas ar Iosrael.


Do stiúrthóir an chóir. Salm le clann Chorach.


Tugaigí aird ar mo rabhadh; déanfaidh mé smaointe mo chroí a roinnt libh, agus mo theachtaireacht a chur in bhur láthair.


Óir doirtfidh mé uisce anuas ar an triomlach, uisce ina thuilte ar an talamh spalptha. Doirtfidh mé mo spiorad ar do phór, mo bheannacht ar shliocht do shleachta.


ach: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.’ Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir.


Beidh mise ar fáil agaibh - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais bhur gcuid daoibh, agus cruinneoidh mé sibh as na ciníocha uile agus as gach uile áit ar dhíbir mé sibh, an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais sibh chun na háite as ar ruaig mé sibh.


Seo mar a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé ar ais anois both an Tiarna, agus déanfaidh mé trua dá áiteanna cónaithe; tógfar an chathair arís ar a carn féin, atógfar an daingean ar a láithreán.


Óir féach tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina gcuirfidh mé an rath arís ar mo phobal Iosrael (agus Iúdá), a deir an Tiarna, agus tabharfaidh mé orthu filleadh ar an tír a thug mé dá sinsir, agus sealbhóidh siad í.’ ”


“Tabharfaidh mé ar ais chucu féin Sodom agus a hiníonacha, agus an tSamáir agus a hiníonacha. Tabharfaidh mé tusa ar ais chugat féin i lár báire,


“Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé anois chun Iacób a thabhairt ar ais ó bhraighdeanas agus chun trócaire a dhéanamh ar mhuintir Iosrael uile agus beidh éad orm faoi m'ainm naofa.


Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.


Ach dúirt Maois leis: “An amhlaidh atá formad ort ar mo shonsa? Uch nach fáithe iad pobal an Tiarna ar fad, agus nár chuir an Tiarna a spiorad orthu go léir!”


Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra: Más fáidh aon duine in bhur measc, Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis; Labhraím leis in aisling.


ansin tabharfaidh an Tiarna do Dhia do chonách ar ais, agus beidh trua aige duit agus cruinneoidh sé thú arís ó na pobail go léir mar ar scaip an Tiarna do Dhia thú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí