Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióéil 2:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 “A thalaimh, ná bíodh eagla ort feasta! Bíodh áthas ort agus gairdeas! Óir, tá éachtaí déanta ag an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 ¶ Ná heagluidh, a thír; bíthí gáirdeach agus lúathgháirighidh: óir do dhéana an TIGHEARNA neithe móra.

Féach an chaibidil Cóip




Ióéil 2:21
21 Tagairtí Cros  

Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”


Síneann d'fhíréantacht chun na bhflaitheas, a Dhia, is éachtach iad na nithe a rinne tú. A Dhia, cé is comhionann leatsa?


Bíodh na haibhneacha ag bualadh a mbos; déanadh na sléibhte sult,


Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir, bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth; tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch, déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.


Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.


A spéartha, liúirígí le háthas, mar tá an Tiarna i mbun gnímh. Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún! A shléibhte, ceolaigí le háthas, agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat! Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saor agus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael!


Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire; ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó. Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óige agus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.


Sea, imeoidh sibh amach faoi lúcháir agus tabharfar abhaile sibh slán sábháilte. Sléibhte agus cnoic, ligfidh siad gártha áthais romhaibh agus beidh crainn uile na tíre ag bualadh bos.


Glaoigh ormsa agus freagróidh mé thú; inseoidh mé duit rúndiamhra móra nach feasach duit dada fúthu.


Snaidhmfidh mé liom féin thú i gcleamhnas go brách; Snaidhmfidh mé liom féin thú le ceart agus le cóir, le buanghrá agus le cineáltacht.


Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh; tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é, a thosach go dtí Muir an Oirthir agus a dheireadh go dtí Muir an Iarthair agus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidh mar tá éachtaí oilc déanta aige.


“Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách. Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia, a chaith chomh fial sin libh (agus ní náireofar mo phobal arís go deo).


sin mar atá sé beartaithe agam athuair rath a chur ar Iarúsailéim agus ar theaghlach Iúdá sna laethanta seo. Ná bíodh eagla oraibh.


“Óir, cuir an cheist seo dá bhrí sin chun na n‑aos a d'imigh tharainn agus a bhí romhat, ón lá a chruthaigh Dia an duine ar talamh: An raibh briathar riamh chomh maorga ó cheann ceann neimhe? Ar chualathas riamh a leithéid?


Fanaigí in bhur seasamh ansin dá bhrí sin agus fairigí an t‑iontas mór a dhéanfaidh an Tiarna os comhair bhur súl.


Tugaigí urraim don Tiarna agus déanaigí seirbhís dó go dílis ó chroí go hiomlán, mar cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé in bhur measc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí