Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióéil 2:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 D'fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt: “Féach, tá arbhar agus úrfhíon agus ola nua á gcur chugaibh agam agus beidh bhur ndóthain díobh agaibh agus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbh arís go deo os comhair na náisiún.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Fós, freagóruidh an TIGHEARNA agus déaruidh re na phobal, Féuch, cuirfe mé arbhar, agus fíon, agus ola chugaibh, agus beithí sáitheach leis: agus ní dhéana mé masla dhíbh ní sa mhó a measg na ngeinteadh:

Féach an chaibidil Cóip




Ióéil 2:19
21 Tagairtí Cros  

Tiocfaidh siad agus canfaidh ar mhullach Shíón; baileoidh siad in éineacht chun maitheasaí an Tiarna: cruithneacht agus ola agus fíon, caoirigh agus eallach; beidh a n‑anamacha mar a bheadh garraí uiscithe; ní dhéanfaidh siad brón níos mó.


Cuirfidh mé rathúnas fáis sna páirceanna dóibh ionas nach gcaillfear níos mó iad le gorta sa bhaile agus nach mbeidh orthu cur suas níos mó le masla na gciníocha.


Ní ligfidh mé arís daoibh masla na gciníocha a chloisteáil, ní bheidh oraibh arís éisteacht lé tarcaisne na gciníocha, ní [dhéanfaidh sibh slad arís] ar pháistí an chine - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Glanfaidh mé sibh ó bhur salachar uile. Glaofaidh mé ar an arbhar, cuirfidh mé breis leis agus ní sheolfaidh mé gorta sa mhullach oraibh níos mó.


Méadóidh mé toradh na gcrann agus na bpáirceanna ionas nach mbeidh masla an ghorta oraibh níos mó i measc na gciníocha.


Ní iompóidh mé m'aghaidh uathu arís nuair a dhoirtfidh mé mo spiorad amach ar mhuintir Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Cúiteoidh mé léi na féilte, ar a ndódh sí túis in onóir na mBálaím agus ar a maisíodh sí í féin lena fáinne agus lena muince brád, chun dul ar thóir a leannán, agus mise dearmadta aici ar fad! - an Tiarna a labhraíonn.


Snaidhmfidh mé liom féin thú i gcleamhnas go brách; Snaidhmfidh mé liom féin thú le ceart agus le cóir, le buanghrá agus le cineáltacht.


Snaidhmfidh mé liom féin thú le dílse, agus beidh aithne agat ar an Tiarna.


Tá na páirceanna bánaithe agus an talamh triomaithe; óir, scriosadh an t‑arbhar agus tá an t‑úrfhíon ag dul i ndísc agus tá meath ag teacht ar an ola nua.


Tá na hurláir bhuailte lán d'arbhar agus na cantaoirí ag cur thur maoil le húrfhíon agus le hola nua.


Mairfidh bualadh bhur n‑arbhair go fómhar an fhíona; mairfidh fómhar an fhíona go cur an tsíl. Íosfaidh sibh bhur sáith aráin, agus mairfidh sibh in bhur dtír beag beann ar chách.


“Beidh rath agus bláth ar a síol; tabharfaidh an fhíniúin a caora agus an talamh a thorthaí; fearfaidh na spéartha a ndrúcht, agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seo i seilbh na maitheasaí seo go léir.


Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.


‘Tabharfaidh mé fearthainn daoibh do bhur dtalamh go tráthúil, fearthainn luath agus fearthainn dhéanach, i dtreo go mbeidh fómhar arbhair, fíona, agus ola agat;


Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir d'airigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí