Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióéil 2:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Ardaíonn an Tiarna a ghlór ar thosach a shlua; is do-áirithe an t‑arm atá aige agus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe. Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin. Cé atá in ann a fhulaingt?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus laibheoruidh an TIGHEARNA a ghuth as coinne a shlúagh: óir is ro mhór a fhoslongphort: óir is láidir an té chríochnuighios a fhocal: óir is mór lá an TIGHEARNA, agus ro úathbhásach; agus cía fhéadas a fhulang?

Féach an chaibidil Cóip




Ióéil 2:11
30 Tagairtí Cros  

Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha, agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh.


Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.


Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann; tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa.


Éistigí! Torann ar na sléibhte mar bheadh slua ollmhór ag callán. Éistigí! Búirthíl na ríochtaí agus na náisiún i dtionól. Is é Tiarna na Slua atá ag gairm slógadh chun catha.


Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann, tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch; cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú, agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.


Sa lá sin, ligfidh an Tiarna fead ar na mioltóga as bun abhann na hÉigipte, agus ar na beacha ó thír na hAsaíre,


“Tairngir thusa ina n‑aghaidh na briathra seo uile, agus abair leo: ‘Nuallann an Tiarna ón ard, labhraíonn sé óna shanctóir naofa; béiceann os ard in aghaidh a chró caorach; ligeann gáir amhail an dream a shiúlann ar na caora. Cluineann áitritheoirí uile na talún an tormán;


Go deimhin is mór an lá é seo, ionas nach bhfuil aon lá cosúil leis; is í uair bhuartha Iacóib í; ach sábhálfar aisti é.


Ach is láidir a slánaitheoir: Tiarna na Slua is ainm dó. Is é atá ag tagairt a gcúise; tabharfaidh sé síoth agus síocháin don talamh, ach cuirfidh eagla a gcroí ar mhuintir na Bablóine.


An mbeidh tú in ann greim a choinneáil ar do mhisneach, nó do lámh a choinneáil láidir, an lá a dtabharfaidh mé chun cúitimh thú? Mise, an Tiarna, a labhair agus cuirfidh mé i gcrích é.


Faraor! Cad é mar lá! Óir, tá lá an Tiarna in achmaireacht agus is mar spréach ón spéir a theacht.


Óir, tá scaoth chumhachtach gan áireamh tar éis ionradh a dhéanamh ar mo thír. Fiacla leoin a bhfiacla agus is starrfhiacla banleoin atá acu.


Séidigí an stoc i Síón! Tógaigí gártha rabhaidh ar mo shliabh naofa! Creathnaíodh áitritheoirí uile na tíre! Óir, tá lá an Tiarna ag teacht, tá sé in achmaireacht.


Lá dorchadais agus doiléire! Lá scamall agus dúnéalta! Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidir ag leathadh thar na sléibhte; ní raibh a leithéid ann riamh ná ní bheidh a leithéid ann arís go ceann na gcianta cairbreacha.


Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread den mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaire agus an scriostóir agus an gearrthóir, m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.


Agus dúirt sé: Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón, ag labhairt os ard ó Iarúsailéim. Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite, agus mullach Chairmeil ag feo.


Is mairg daoibh atá ag tnúth le lá an Tiarna. Cad é lá an Tiarna daoibh? Is dorchadas é agus ní solas;


Nach dorchadas é lá an Tiarna agus ní solas, nach duibheagán é gan dealán ar bith ann?


Óir tá lá an Tiarna ar an tairseach ag na náisiúin go léir; mar a rinne tú leo, déanfar leat; fillfidh do bhearta ar do mhullach.


Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.


Ach cé a fhulaingeoidh lá a theachta? Cé a fhéadfaidh seasamh nuair a thaibhseoidh sé? Óir, is cuma é nó tine an athleádóra agus buac an úcaire.


[Ansin d'fhéach sé ar Óg] agus chan sé a laoi agus dúirt: “Tá lucht na farraige ag tóstal lastuaidh,


mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost.


Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánna bás agus doilíos agus gorta, agus loscfar í le tine. Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”


óir tháinig lá mór a fheirge, agus cé a fhéadann é a sheasamh?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí