Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióéil 1:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Fiú amháin beithígh an mhachaire féin tá siad ag tnúthán leat. Óir, tá na claiseanna uisce imithe i ndísc agus tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Comhaircid fós beathaigh an mhachaire chugad: óir do tiormuigheadh súas aibhne na nuisgeadh, agus do dhóith an teine inbheara a nfásaigh.

Féach an chaibidil Cóip




Ióéil 1:20
9 Tagairtí Cros  

Ar ball beag chuaigh an sruthán i ndísc toisc nach raibh fearthainn sa tír.


Dúirt Acháb le hObaidiá: “Téanam, ní foláir dúinn an tír a chuardach idir thoibreacha agus ghleannta, le súil go bhfaighimis féar a choimeádfadh ár gcapaill agus ar miúileanna beo, agus nach gcaithfimis cuid dár stoc a mharú.”


Cé a dhéanann soláthar don bhadhbh, Nuair a scréachann a gearrcaigh chun Dé Agus a [scrogaill sínte] in airde acu le hocras?


Na coileáin leoin ag búiríl chun a gcreiche, is iad ag éileamh a gcoda ar Dhia.


Bíonn súile gach aon dúile ag feitheamh ortsa; agus tugann tú bia dóibh in am trátha.


Tugann sé a gcuid do na beithígh; agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.


Diúltaíonn an talamh aon toradh a thabhairt, mar ní raibh fearthainn ann; tá anbhá ar na treabhdóirí agus folaíonn siad a gceann.


Na fáithe a bhí ann romhamsa agus romhatsa anallód, rinne siad tairngreacht faoi chogadh, faoi ghorta, faoi phlá, in aghaidh mórán tíortha agus in aghaidh ríochtaí móra;


Cad é mar a chneadann na beithígh! Tá na sealbháin bó ar mire mar níl féarach ar bith acu; agus fiú amháin na tréada caorach féin tá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí