Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 6:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Uch nach gcomhlíontar m'achainí! Agus nach ndeonaíonn Dia mo dhóchas dom!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Uch nach bhfaghuim mathchuinge; agus go ndéonuigheadh Día dhamh an ní lé a bhfuil mo shúil!

Féach an chaibidil Cóip




Iób 6:8
10 Tagairtí Cros  

Chuaigh sé féin ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d'iarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m'anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.”


Is beag orm mo bheo. Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán, Labhróidh mé ó shearbhas m'anama.


An drong a shantaíonn an bás ach gan é a theacht Agus gur mó a dtóir air ná ar chiste folaithe;


An drong a bhíonn ag rince le corp lúcháire, Agus iad ag déanamh gairdis nuair a shroicheann siad an uaigh;


Diúltaíonn m'anam a shuaimhneas a cheapadh; tá breoiteacht mo choirp á shuaitheadh.


Go mba thoil le Dia mé a bhascadh, Agus go scaoilfeadh sé lena láimh agus mé a scriosadh.


Bíonn m'anam ag tnúth le do shlánú; cuirim mo dhóchas i do bhriathar.


Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois m'anam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí