Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 41:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Nuair a ligeann sé sraoth, bladhmann solas uaidh, Agus bíonn a shúile mar dheargadh an dá néal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Ni bhfuil áon chomhborb sin dá léigion a neagla a chorrughadh súas: maiseadh marsin cía féadas seasamh ar maghuidhse?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 41:10
13 Tagairtí Cros  

Coileán leoin é Iúdá! Filleann tú anois, a mhic, ón gcreach; agus cromann sé agus luíonn mar leon nó mar bhanleon, cé leomhann é a mhuscailt?


Go gcuire mallachtóirí an lae a mallacht uirthi, Agus an mhuintir atá réidh Leiviatan a mhúscailt!


Gura dorcha iad réaltaí a camhaoire; Ná bíodh toradh ar a fuireach le solas; Nár fheice sí fabhraí na maidine!


An bhfuil neart Dé i do láimhse, An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean?


Táid i ngreim ina chéile, I dtreo go bhfuil siad go dlúth ina n‑aonad.


Is críonna é ó chroí agus is cumhachtach é ó neart. Cé a thug a dhúshlán riamh gan bheith thíos leis?


Má ritheann tú in iomaíocht le coisithe, agus go dtraochann siad thú, conas a rachaidh tú i gcomórtas le heachra? Má tá tú míshocair i dtír na síochána, céard a dhéanfaidh tú i bhfásra borb faoi Iordán?


“Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.


Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.


Chúb sé chuige, agus luigh, mar leon, mar bhanleon. Cé leomhfadh é chur ina shuí? Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe; gura mallaithe lucht bhur mallaithe.”


An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí