Iób 41 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XLI. Is scáthan ar mhórdhalacht Dé, an lébhiatan, a measc éisc. 1 An bhféadann tú lebhiatan do tharruing amach le dubhán? nó a theanga lé córda noch léigios tú síos? 2 An bhféadann tú dubhán do chur iona shróin? nó a ghíall do tholladh thríd lé dealg? 3 A ndéana sé móran gearáin riotsa? an laibheora sé bríathra míne riot? 4 A ndéana sé cunnradh riot? an nglacfa tú mar sherbhíseach go bráth é? 5 A ndéana tu súgradh ris amhuil éun? an cceangola tú é dot chailinibh? 6 A ndéanuid na compánuigh fleadh dhe? an roinnfid síad é measc na cceannuighthe? 7 An bhféadann tú a chroicionn do lionadh díarnuibh corránacha? nó a cheann le treaghuibh éisc? 8 Leag do lámh air, cuimhnigh an cath, ná déana ní sa mhó. 9 Féuch, is díomhaóin a dhóthchussan: nach tteilgfighear duine sios le na radharc amháin? 10 Ni bhfuil áon chomhborb sin dá léigion a neagla a chorrughadh súas: maiseadh marsin cía féadas seasamh ar maghuidhse? 11 Cía chuidigh liom, as a ttiubhruinn leasughadh dhó? gidh bé ar bith atá faói neamh is liomsa é. 12 Ní cheilfidh mé á chodchanna, nó a neart, nó a dhealbh sciamhach. 13 Cía fhéudas aghuidh a éaduigh dfoillsiughadh? nó cía fhéadas teacht chuige le na shrían dúbalta? 14 Cia fhéudas doirse a aighthe doscladh? atáid a fhíacla úathbhásach timchioll fa ccuáirt. 15 Asíad a lanna a rimhéidhe, íadhta súas re chéile le séula daingion. 16 Atá gach áon díobh an comhghar sin da chéile, nach bhféudann aiér ar bith teachd eatorra. 17 Atáid ar na ccur a cceann a chéile, ceangluid dá chéile, nach éidir a neidirdhealughadh. 18 Le na shétrigh soillsighidh solus agus atáid a shúile cosmhuil lé forrdhubhuibh súl na maidne. 19 Amach as a bhéul théid tóirseadha lasamhla, agus lingid drithleanna teineadh amach. 20 Amach as a pholláiribh théid deatach, mar do rachadh as pota fiuchuigh nó as oigheann. 21 Dearguidh a anal sméarthóide agus téid lasair amach as a bhéul. 22 Comhnuighidh neart iona mhuinéul, agus filltear dóbrón na gháirdeachus dá lathair. 23 Atáid sleantach a fheóla coimhcheangailte dhá chéile: atáid daingion ionta féin; ní héidir a ccorrughadh. 24 Atá a chroidhe comhchruáidh ré cloich; fós, comhchruáidh re cuid do chloichíochtair muilinn. 25 A nuáir thógbhus sé é féin súas, bíd na neartmhair eaglach: air eagla brisigh glanuid íad féin. 26 Cloidheamh an té bhuáilois airsin ní fheadann seasamh: an gath, an bhonnsach, nó an tuchdéideadh. 27 Measuidh sé an tíarann mar thuighe, agus an prás mar chonnadh chríon. 28 Ní fhéadann an tsoigheadh a chur dfíachaibh air teitheamh: iompoighthear leis clocha an chroinn‐tádhbhuil a cconnlach. 29 Measuidh na gáethe mar chonnlach: do ní gáire fá chrothadh an ghatha. 30 Ataid clocha ghéara faói: leathnuighidh sé neithe géura ar an lathuigh. 31 Do bheir sé air a naigéan fiuchadh do nós an phota: do ní sé a nfaírge do nós pota an photecari. 32 Do ní sé an tslighe sófhaicsigh na dhiáigh; do shaóilfeadh neach an taigean do bheith líath. 33 Ní bhfuil a leithéid air an ttalamh, noch do rinneadh gan cagla. 34 Do chí sé a nuile ní árd: atá sé na rígh ós cionn uile chloinne a núabhair. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society