Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 39:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Cé a scaoil leis an asal fiáin? Cé a bhain an laincis den ghlamaire mear?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Cía chuir amach an tassal fíadhuin sáor? nó cía sgáoil ceangal a nassail fhiadhta?

Féach an chaibidil Cóip




Iób 39:5
13 Tagairtí Cros  

Asal fiáin fir a dhéanfaidh sé, a dhorn in aghaidh gach duine agus dorn gach duine ina aghaidh, agus é ag spairn lena bhráithre go léir.”


Asal tréan é Íosácár ina luí i measc cróite caorach;


Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol.


Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n‑asal fiáin, Agus ocras a gclainne [á ngriogadh] Chun bia a lorg sna steipeanna loma.


An féidir duit é a cheangal sa scríob le téada Nó an ndéanfaidh sé an gleann a fhuirseadh i do dhiaidh?


Nuair a bhíonn toirt agus neart sna laonna, Imíonn siad leo, gan filleadh ar ais orthu.


An ligeann an t‑asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar? Nó an damh búir os cionn a choda?


Tugann siad deoch d'ainmhithe an mhachaire; agus múchann na hasail allta a dtart iontu.


Óir tá an pálás tréigthe, agus torann an bhaile ina thost; beidh cnoc Oifil agus an Port Mór ina bpluaiseanna go deo, réimse macnais do na hasail allta, féarach na dtréad.


Tá saothar anála ar na hasail fhiáine ina seasamh dóibh ar na cnocáin loma, mar a bheadh seacáil ann; éiríonn a súile dallta d'uireasa féir.”


déanann sí ar an bhfásach ag smúrthacht ar an ngaoth go macnasach. Cé a fhéadann í siúd a smachtú agus í ar dáir? Ní bheidh stró ar an té a bheidh á lorg. Gheofar í [ag cúpláil].


Óir ghabh siad suas chun na hAsaíre. Maireann an onagair ina haonar léi féin, ach siúd Eafráim agus í ag fostú leannán!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí