Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 37:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Cibé acu a [sheolann sé iad] d'fhonn ciníocha na cruinne a phionósú, Nó d'fhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Do bheir sé air teacht, más air son smachtughadh, nó ar son a fhearuinn, nó ar sou trócaire.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 37:13
14 Tagairtí Cros  

Fuair Rizpeá iníon Aiá éadach róin agus leath ar an gcarraig di féin é ó thús fhómhar na heorna nó gur thit an fhearthainn ón spéir air; níor lig sí d'éanlaith an aeir luí air sa lá, ná d'ainmhithe an mhachaire san oíche.


Agus rinne siad cnámha Shóil, agus cnámha a mhic Iónátán [agus cnámha na muintire a crochadh], a chur i gcríocha Bhiniáimin i Zéalá, i dtuama a athar, Cís. Rinne siad gach ar ordaigh an rí, agus ansin thug Dia cluas dá n‑achainíocha ar son na tíre.


Dúirt Éilias le hAcháb: “Gabh ar ais agus bí ag ithe agus ag ól, mar cluinim tormán na fearthainne.”


Agus leis sin d'éirigh an spéir dorcha le scamaill agus le síon agus tháinig batharnach bháistí. Léim Acháb isteach ina charbad agus thriall sé ar Izréil.


Dá bharrsan tháinig muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir le chéile in Iarúsailéim laistigh de thrí lá; ba é an naoú mí é, agus an fichiú lá den mhí. Chruinnigh an pobal go léir sa chearnóg os comhair Theampall an Tiarna. Bhí siad ar ballchrith de bharr na hócáide agus de bharr tulca báistí.


Leosan a dhéanann sé na pobail a chothú, Agus a dháileann sé bia go fial.


Éist leis sin uile, a Iób! Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir!


Óir deir sé leis an sneachta: “Tit ar an talamh!” Agus leis an tulca báistí: “Treise ort!”


Thug tú cuairt ar an talamh, á huisciú, gur mhéadaigh tú a maoin. Sceitheann abhainn Dé thar bruacha d'fhonn arbhar a sholáthar di.


“A chlann Shíón, bíodh áthas agus gairdeas oraibh ar son an Tiarna, bhur nDia. Óir, thug sé fearthainn an fhómhair daoibh mar is é is cóir; agus chuir sé flúirse báistí anuas oraibh, fearthainn an fhómhair agus fearthainn an earraigh, mar a dhéanadh sé fadó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí