Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 30:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ach is ceap magaidh mé anois Ag na sóisir, ag dream is óige ná mé féin, Nárbh fhiú liom a n‑aithreacha A chur i bhfeighil mo thréad le mo mhadraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Acht anois an drong is óige ná misi atáid ag magadh orum, noch ar tharcuisneach leam a naithre do shuighiughadh a bhfochair madradha mo thréuda.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 30:1
17 Tagairtí Cros  

Ghabh sé suas go Béitéil ón áit sin, agus fad a bhí sé ar an mbealach suas, tháinig buachaillí beaga amach as an gcathair agus bhíodar ag déanamh fonóid faoi á rá: “Suas leat, a phlaitínigh! Suas leat, a phlaitínigh!”


Is ceap magaidh mé do mo chairde, Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra! Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh.


Cén tairbhe dom neart a lámh, Mar ní raibh aon lúth fágtha sa dream úd


Maslaíonn lucht an díomais mé go díocasach: ach ní chlaonaim ó do dhlí.


Agus an uair a chuir mé sacéadach orm is amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.


Tá na daoine ag déanamh leatroim ar a chéile agus sin idir comharsana; an gasúr ag caitheamh sotail leis an seanduine, agus an daoscar leis an uasal,


Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: “Bí ag tairngreacht!” Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air.


agus dúirt sé leo: “Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Sea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith.


Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!” -


D'fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.”


Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé á dhiamhaslú á rá: “Nach tú an Críost? Saor tú féin agus sinne.”


Ghlac na Giúdaigh éad leo, áfach, bhailigh siad chucu roinnt rifíneach as cóip na sráide agus thóg raic agus callán sa chathair. Thug siad fogha faoi theach Iásóin d'fhonn Pól agus Síleas a thabhairt os comhair an phobail


Is é a dúirt duine acu féin, teanga labhartha dá gcuid: “Ní raibh sna Créitigh riamh ach lucht éithigh agus brúideanna mallaithe agus craosairí díomhaoine.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí