Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 29:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Dhéanainnse a gcúrsa a roghnú, agus shuínn mar thaoiseach; Agus bhínn mar rí i measc a shluaite, Agus mar shólásaí do lucht an chaointe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Do thogh mé amach a slighe, agus do shuigh mé mar cheannfort, agus do comhnuigh mé mar rígh annsa tslúagh, mar áon chobhruighios na dóbrónuigh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 29:25
16 Tagairtí Cros  

Beidh tú i bhfeighil mo thí go léir, agus déanfaidh mo mhuintir go léir de réir d'orduithe; ní bheidh céim sa bhreis agam ort ach an ríchathaoir seo amháin.”


San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: ‘Is tusa a bheidh i d'aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.’ ”


Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.


Thabharfainn misneach duit le briathra mo bhéil Agus ní dhiúltóinn sólás mo bheola.


Dá ngairfinn fúthu, ní chreidfidís; Dá réiteoinn, ní chuirfidís ina choinne.


Tabharfaidh mé cúntas ar gach beart de mo shaol, Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis.


Bhí rí in Isiriún, nuair a thionóil ceannairí an phobail, agus go raibh treibheanna uile Iacóib le chéile.


Agus dúirt seanóirí Ghileád le Iaftá: “Sin é díreach an fáth gur chasamar ort anois; tar linn; cuir cogadh ar na hAmónaigh agus bí i do cheann orainn, i do cheann ar a bhfuil ina gconaí i nGileád.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí