Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 29:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Tháinig beannacht orm ón té a bhí ag saothrú an bháis Agus chuir mé lúcháir ar chroí na baintrí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Do thigeadh beannachd an té do bhí réidh chum báis orum: agus do thógbhuinn croidhe na baintreabhuigh chum abhrán do gabháil lé lúathgháir.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 29:13
16 Tagairtí Cros  

Lig tú na baintreacha uait folamh Agus bhasc tú géaga na ndílleachtaí.


Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú.


Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t‑arbhar i dtaisce; ach beannacht ar an té a dhíolann é.


An lá sin, séidfear an stoc mór agus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíre agus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte, agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim.


Beidh mo sheirbhísigh ag ceol, agus áthas ina gcroí. Ach sibhse, beidh sibh ag éagaoin le doilíos croí, agus ag olagón le hanbhuain anama.


Déan lúcháir i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm - tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach atá ag cur faoi i do bhailte, agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach, a chónaíonn in bhur measc.


Nuair a théann an ghrian faoi, tabhair an geall ar ais dó i dtreo gur féidir dó codladh ina bhrat agus beannacht a chur ort; beidh sin ina ghníomh fónta agat i láthair an Tiarna do Dhia.


Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas: ‘Deoraí Aramaeigh a ba ea m'athair. D'imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de.


Ba mhór an lúcháir agus an sólás domsa an grá sin agatsa, a bhráthair, mar go bhfuil croí á thabhairt agat don phobal naofa.


Dúirt Náoimí le bean a mic: “Go raibh beannacht ón Tiarna ar an té nár theip a chineáltas ar an marbh ná ar an mbeo.” Agus lean Náoimí uirthi á rá léi: “Is gairid é gaol an duine sin linn; tá sé ar na daoine a bhfuil ceart fuascailte acu orainn.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí