Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 29:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Óir d'fhuascail mé an bocht nuair a ghlaoigh sé, Agus an dílleachta a bhí gan lámh chúnta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Do bhrígh go sáoruinn an bocht do éigheadh, agus an dílleachda, agus an té nach biodh áon aige do thárthochadh é.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 29:12
20 Tagairtí Cros  

Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra, Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach.


Baintear a dtalamh de leanaí gan athair, Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.


Ghoil mé go deimhin ar son lucht an tsaoil bhrónaigh, Agus chaoin mé cás an bhochtáin.


Ar chaith mé mo chuid bia liom féin, Gan cuid a thabhairt don dílleachta?


Óir bhí [Dia] mar athair agam do m'oiliúint ó m'óige, Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar.


Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh], Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata?


I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé] Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.


Canaigí amhrán do Dhia agus seinnigí dá ainm, déanaigí slí don té atá ag marcaíocht ar na néalta; gairdigí don Tiarna, déanaigí lúcháir ina láthair.


Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air; agus an donán gan chúnamh.


Óir tá m'anam lánualaithe le buarthaí; tá mo bheatha ag druidim leis an uaigh.


An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.


Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin, agus ar son chearta cách atá treigthe.


Dhéanadh sé breithiúnas ar chúis an bhoicht agus an easpaithigh, ansin bhíothas go maith aige. Nach é sin mise a aithint? - an Tiarna a labhraíonn.


Eisean a chuireann an chóir i bhfeidhm don dílleachta agus don bhaintreach; a thugann grá don deoraí agus a bhronnann air bia agus éadach.


Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí