Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 18:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Déanfaidh galar a chraiceann a chnaí, Agus céadghin an bháis a ghéaga a chreimeadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Cnaóifidh sin neart a chroicinn: eadhon cnaóifidh céaidghin a bháis a neart.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 18:13
7 Tagairtí Cros  

Nach meas coimhthíoch atá aige orainn á rá is gur dhíol sé sinn agus gur chaith sé an mhaoin go léir a fuair sé orainn?


A Reúbaen, is tú mo chéadghin mo neart, céadtoradh m'fhearúlachta. Rug tú barr leat in uabhar agus barr i gcumhacht,


An dtiocfaidh siad seo síos liom go Seól? Nó an sínfear iad síos in éineacht liom sa pholl?


Ach beidh na bochtáin ag iníor ar mo thailte féaraigh, agus na truáin ag ligean a scíthe go slán sábháilte. Maidir le do shliochtsa, áfach, tabharfaidh mé a mbás le hocras agus maróidh mé a bhfuil fágtha díbh.


Bhí na huiscí do mo chiorclú, agus mé i mbaol mo mhúchta; bhí an duibheagán ag brú isteach orm ó gach taobh agus chuaigh mo cheann in ascar san fheamainn.


Ach maidir leis na ciníocha uile a bheidh tar éis cogadh a chur ar Iarúsailéim, is í seo an phlá lena mbuailfidh an Tiarna iad: lobhfaidh a gcuid feola orthu, fiú amháin agus iad ina seasamh ar a gcosa; morgfaidh a súile ina logaill agus dreofaidh a dteanga ina mbéal.


D'fhéach mé, agus b'shiúd an t‑each báiteach bán agus “An Bás” a ba ainm don mharcach a bhí air, agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí