Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 10:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Go tír a bhfuil a ghruaim mar dhorchadas tiubh, Scáil an bháis gan eagar, Arb dorchadas tiubh a ghile Agus nach bhfeiceann solas na beatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Dúithche dhorchaduis, mar an ndorchadus fein; agus scáile an bháis, gan órdughadh ar bith, agus áit a bhfuil an solus mar an ndorchadus.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 10:22
15 Tagairtí Cros  

Sula n‑imím, imeacht gan teacht, Go tír an dorchadais agus scáil an bháis,


Ansin d'fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt:


Níl súil agam ach le Seól mar bhaile, Agus bualadh fúm sa dorchadas.


Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth,


Gura seilbh dhílis ag gruaim agus ag scáil an bháis é! Go luí na scamaill air, Agus go scanraí urú an lae é!


Níl dorchadas ná scáil bháis ann, Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.


Ar nochtadh duit doirse an éaga Nó an bhfaca tú geataí scáil an bháis?


Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t‑olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom.


ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl, ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait,


An bhfógrófar do ghrá san uaigh, nó do dhílseacht i measc na marbh?


An bhfoilseofar d'éachtaí sa dorchacht; agus d'fhíréantacht i dtír na díchuimhne?


Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.


Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.


Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna, a thug aníos sinn as tír na hÉigipte, a threoraigh sinn tríd an bhfiántas, trí fhearann lom fásaigh, tír thriomaigh dhorcha, tír nach siúlann aon taistealaí agus nach bhfuil cónaí duine ann?’


Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí