Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?
tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?
Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arís m'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth; bainfidh mé di m'olann agus mo líon, a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.
Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta, agus canaigí caoineadh! Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra! Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach, a fhriothálaithe mo Dhé, mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dí díbeartha as teach bhur nDé.