Hóisé 9:4 - An Bíobla Naofa 19814 Go brách arís ní dhoirtfidh siad fíon le hurraim don Tiarna, ná ní ofrálfaidh siad íobairtí dó. Ní bheidh acu ach mar a bheadh arán dobróin, agus an uile dhuine a íosfaidh é beidh sé neamhghlan. (Óir ní bheidh ach a gcothú féin amháin ina gcuid aráin; blúire de ní ofrálfar i dteach an Tiarna.) Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 Ní ofráilfid síad ofráil fhíona don TIGHEARNA, ní mó bhéid dúileamhuil dósan: biáidh a níodhbartha dhóibh féin amhail arán na ngúbhthach; biáidh an mhéid íosas de sin salach: óir ní thiucfuidh a narán ar son a nanma go tigh an TIGHEARNA. Féach an chaibidil |
An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.