Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hag 2:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Ach dá ainneoin sin uile bíodh misneach agat, a Zarubáibil, a deir an Tiarna, agus agatsa freisin, a Iósua, a mhic Iózádác, a ardsagairt, agus agaibhse, a mhuintir uile na tíre, a deir an Tiarna. I mbun na hoibre libh anois! Óir táimse in bhur dteannta, a deir Tiarna na Slua.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Gidheadh cheana anois bídh láidir, a Sherubbabel, a deir an TIGHEARNA; agus bí láidir, a Iosuah, mhic Iosedech, an tárdsagart; agus bíthí láidir, a uile phobal na tíre, a deir an TIGHEARNA, agus oibrighidh: óir atáimsi maille libh, a deir TIGHEARNA na slogh.

Féach an chaibidil Cóip




Hag 2:4
20 Tagairtí Cros  

Chuaigh Dáiví i neart agus i neart agus bhí an Tiarna, Dia na Slua, ina chuideachta.


Rithfidh leat ansin má chomhlíonann tú le barr cúraim na reachtanna agus na dlíthe a leag an Tiarna ar Mhaois d'Iosrael. Bíodh fuinneamh agus misneach agat! Ná bíodh eagla ná meatacht ort!


Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!


Seo iad ainmneacha na bhfear de shliocht na sagart a fuarthas a phos mná deoranta: Ar chlann mhac Iéisiúa mac Iózádác agus i measc a ghaolta: Másaeiá, Eilíeizir, Iáiríb agus Gadailiá.


Ansin thosaigh Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar Theampall Dé in Iarúsailéim a thógáil; bhí fáithe Dé in éineacht leo ag tabhairt misnigh dóibh.


“Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”


Ansin labhair Hagaí, teachtaire an Tiarna, leis an bpobal de réir ordú an Tiarna, á rá: “Táimse in bhur dteannta, a deir an Tiarna.”


Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt: Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil: “Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Músclaígí bhur misneach, sibhse atá ag éisteacht sna laethanta seo leis na briathra seo ó bhéal na bhfáithe atá ag déanamh tairngreachta, ón lá ar leagadh bunsraith theach Thiarna na Slua, ionas go n‑atógfaí an Teampall.


Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.


Bhí éad ag na huasalaithreacha le Iósaef agus dhíol siad san Éigipt é. Ach bhí Dia leis


Bígí ag faire agus seasaigí fód an chreidimh; bígí cróga calma.


Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.


Thug [an Tiarna] treoracha do Iósua mac Nún agus dúirt: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; óir tá tú le clann Iosrael a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, agus beidh mé féin i do theannta.”


Dá bhrí sin, a mhic, bí láidir le cabhair ghrásta Chríost Íosa.


Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin


Bíodh neart ionat agus misneach agat, mar an tír seo a mhionnaíos dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh, is tusa a chuirfidh é i seilbh an phobail seo mar oidhreacht.


Nár thug mé ordú duit? Bí teann agus bíodh misneach agat. Ná bíodh eagla ort ná beaguchtach, mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú.”


Nuair a cheapadh an Tiarna breithiúna dóibh, bhíodh sé i bhfochair an bhreithimh, agus shaoradh sé óna naimhde iad fad mhaireadh an breitheamh beo. Óir bhíodh trua ag an Tiarna dóibh as ucht a n‑uchlán agus iad á gcrá agus á gciapadh ag lucht a mbuartha.


D'fhreagair ógánach díobh: “Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí