Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hag 2:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Cé atá fágtha in bhur measc a chonaic an Teampall seo faoina chéadghlóir? Agus conas a fhéachann sé daoibh anois? Nach neamhní ar fad é in bhur súile?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Cía do fágbhadh ann bhur measgsa do chonairc an tighse iona chéadghlóir? agus ciondus do chítí anois é? nach bhfuil sé ann bhur súilibh a ccompráid dó amhuil neimhní?

Féach an chaibidil Cóip




Hag 2:3
8 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Dáiví: “Fear óg gan taithí na mblianta is ea mo mhac Solamh, agus an teach atá le tógáil don Tiarna, ní foláir é a bheith an-taibhseach agus clú agus ainm in airde a bheith air i ngach tír. Déanfaidh mé ullmhú ina chomhair dá bhrí sin.” Rinne Dáiví más ea, go leor ullmhúcháin roimh éag dó.


Mhol siad agus mhóraigh siad an Tiarna, “Óir is maith é, agus is seasmhach go deo é a bhuanghrá d'Iosrael.” Agus chan an pobal go léir moltaí an Tiarna in ard a gcinn is a ngutha mar go raibh buncloch Theampall an Tiarna leagtha.


A lán de na sagairt agus de na Léivítigh agus de na cinn finí, an seandream a chonaic lena súile cinn an Teampall [eile roimhe seo ar a mháithreacha] ghoil siad go hard ach chuir mórán eile na gártha áthais suas.


Tá do chathracha beannaithe ina ndíthreibh, tá Síón ina díthreibh agus Iarúsailéim ina fásach.


Bhain siad feidhm dhíomasach as a n‑ornáidí áille; rinne siad a n‑íomhánna urchóideacha agus a n‑íola déistineacha leo. Dá bhrí sin fágfaidh mé mar ábhar uafáis acu iad.


Sáróidh glóir nua an Teampaill seo an chéadghlóir a bhí aige, a deir Tiarna na Slua, agus is san áit seo a dháilfidh mé oraibh an tsíocháin, a deir Tiarna na Slua.’ ”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí