Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hag 1:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Do chuireabhair mórán, agus is beag bhearthaoi a steach; ithí, achd ní bhfuil go lór aguibh; ibhthi, acht ní bhfuiltí líonta do dhigh; éaduighthí, acht ní bhfuil áonduine aguibh seasgair; agus an té thuillios túarustal tuilligh sé túarastal dá chur a mála bhrisde.

Féach an chaibidil Cóip




Hag 1:6
31 Tagairtí Cros  

Bhí gorta ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile le linn Dháiví. Chuaigh Dáiví a lorg comhairle ar an Tiarna agus dúirt an Tiarna: “Tá ciontacht fola ar Shól agus ar a theaghlach mar gur mharaigh sé na Gibeónaigh.”


“Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d'fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.”


Dúirt cuid acu: “Tá d'iallach orainn ár mic agus ar n‑iníonacha [a mhalartú] chun go leor arbhair a fháil le hithe agus le teacht slán.”


Luífidh an ghannchúis air agus flúirse ina thimpeall. Tiocfaidh gach sort anró sa mhullach air.


Scuabfaidh díle a theach ar shiúl, Mar thuile lá na feirge.


riasca salainn de thalamh torthúil mar gheall ar urchóid a lucht áitrithe.


Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin; bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.


deich n‑acraí d'fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin, agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.”


Cruithneacht a chuir siad i dtalamh, ach baineann siad dreas. Chuir siad iad féin chun saothair, ach ba é an saothar in aisce é. Loiceann barraí an fhómhair orthu, mar gheall ar fhearg an Tiarna.”


Diúltaíonn an talamh aon toradh a thabhairt, mar ní raibh fearthainn ann; tá anbhá ar na treabhdóirí agus folaíonn siad a gceann.


Ach ón uair ar éiríomar as túis a loscadh do Bhanríon Neimhe agus íobairtí dí a dhoirteadh amach di, tá easpa gach ní orainn, agus maraíodh sinn leis an gclaíomh nó leis an ngorta.”


Íosfaidh siad ach ní bheidh a ndóthain acu; déanfaidh siad róstriapachas ach ní mhéadófar ar a líon, mar tá siad tar éis an Tiarna a thréigean,


Gaoth a síol, gála a bhfómhar! Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh, ná ní thabharfaidh sé plúr; agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.


Meilfidh sibh bhur neart in aisce; ní thabharfaidh bhur dtalamh a thoradh uaidh, ná bhur gcrainn a gcnuas.


Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t‑arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh.


Sin é an fáth a gcoinníonn na spéartha thuas an drúcht uaibh agus a gceileann an talamh a chuid torthaí oraibh.


Dá bhrí sin labhraíonn Tiarna na Slua mar a leanas: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.


Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin.


Nuair a thagadh duine go dtí carn arbhair ar chóir fiche miosúr a bheith ann, ní bhíodh ann ach deich gcinn; nuair a thagadh sé go dtí cantaoir chun caoga dabhach a tharraingt aisti, ní bhíodh inti ach fiche ceann.


Le smoladh, coincleach agus clochshneachta mhill mé sibhse agus saothar uile bhur lámh; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.


Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”


Óir, roimh na laethanta seo ní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí, agus, mar gheall ar a chuid naimhde, ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuine agus é ag dul i mbun a ghnó; mar bhí mé tar éis an uile dhuine a chur in aghaidh a chomharsan.


Mura n‑éisteann sibh liom agus féachaint chuige go dtabharfaidh sibh glóir do m'ainm, a deir Tiarna na Slua, mallóidh mé sibh sa chaoi go ndéanfar mallacht de gach ceann de bhur mbeannachtaí. Is ea, táim tar éis iad a mhallú cheana féin toisc nach bhféachann sibh chuige sin chor ar bith.


Beidh mallacht ar do chliabh aráin agus ar do losaid.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí