Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hag 1:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Dá bhrí sin labhraíonn Tiarna na Slua mar a leanas: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Anois uimesin is marso a deir TIGHEARNA na slógh; Measuigh féin bhur slighthe.

Féach an chaibidil Cóip




Hag 1:5
15 Tagairtí Cros  

Siúlaigí Síón agus triallaigí ina timpeall comhairigí a túir.


D'fhill Forann agus d'imigh ar ais chun a thí agus níor thóg sé ceann fiú amháin de seo.


ach an dream nár thug aon aird ar bhagairt an Tiarna, d'fhágadar a ndaoir agus a stoc amuigh.


Scrúdaímis agus iniúchaimis ár mbéasa agus fillimis ar ais ar an Tiarna.


De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.


Dúirt an fear liom: “A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d'intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.”


“An mithid daoibhse mar sin cónaí in bhur dtithe painéalta agus an teach seo ina fhothrach?”


Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”


Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.


Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m'athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta!


Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh - rud atá mura bhfuil cliste oraibh?


Déanadh gach duine a shaothar féin a thástáil, agus ansin beidh rud éigin dá chuid féin amháin aige le maíomh as in ionad cuid duine eile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí