Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Gníomhartha 26:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 “Tá a fhios ag na Giúdaigh go léir an chuma ar chaith mise mo shaol ó m'óige, mar gur i measc mo chine féin agus in Iarúsailéim a mhair mé ó thús.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 “Is feasach do na Giúdaigh uile conas a chaith mé mo shaol i measc mo chine féin agus in Iarúsailéim ó thús mʼóige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus leoga is eol do na h-Iúdaigh go h-uile mo bheatha ó m’óige, a bhí ó thús imeasc mo chinidh féin i n-Ierusalem:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Atá aithne ag na h‐Iúdachaibh ar an saoghal do chaitheas óm’ óige, gur i lár mo chinidh féin ó thosach, agus i nIarúsalem, do chaitheas é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Is aithne do na Iúdaighibh uile, mo bheathasa ó móige, agus cionnus do bhí sí a measg mo chinidh féin a Niárusalém ó thosach;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Tá aithne ag na Iúdaígh go léir ar an saghas bheatha chaitheas ó m’óige, óir is ameasg mo náisiúin féin i nIerúsalem a chaitheas í.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 26:4
5 Tagairtí Cros  

Lean sé air: “Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu.


Admhaím an méid seo, áfach, gur de réir an Bhealaigh ar a dtugann siadsan Aicme, a thugaim ómós do Dhia ár sinsear agus go gcreidim gach ní dá bhfuil de réir an dlí agus scríofa sna fáithe.


Chuala sibh iomrá, ní foláir, ar mo chuid iompair tráth nuair a lean mé an creideamh Giúdach, mar a rinne mé géarleanúint as cuimse ar eaglais Dé ag iarraidh í a dhíothú,


de shliocht Iosrael mé, de threibh Bhiniáimin, Eabhrach den fhíorfhuil Eabhrach, agus timpeallghearradh mé ar an ochtú lá. I dtaca leis an dlí bhí mé i m'Fhairisíneach;


I dtaca leatsa de, tá eolas maith curtha agat ar mo theagascsa, ar mo bhéasa, agus ar mo chuspóirí. Tá eolas curtha agat ar mo chreideamh, ar m'fhoighne, agus ar mo ghrá.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí