Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Gníomhartha 20:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Bhí sé ar tí dul ar bord loinge go dtí an tSír nuair a rinne na Giúdaigh comhcheilg ina choinne. Chinn sé dá bhrí sin ar dhul ar ais tríd an Macadóin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Chaith sé trí mhí ansin, ach go ndearna na Giúdaigh comhcheilg ina éadan agus é ar tí dul ar bhord loinge go dtí an tSír, agus gur ghlac sé ina cheann ansin filleadh bealach na Macadóine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus nuáir a bhí trí míosa caithte aige annsin, rinne na h-Iúdaigh luigheachán roimhe, agus é ar tí seoladh chun na Síre: agus chuir sé roimhe pilleadh fríd an Mháicideoin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus tar éis trí mí do chaitheamh annsin do cheap na h‐Iúdaigh cóimhchealg ’n‐a aghaidh, agus é ar tí imtheachta go Siria, agus do shocruigh sé ar fhilleadh tríd an Mhaiceadóin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar mbeith dhó trí mhí ann sin. Ar gcur lúigheacháin do na Iúdaighibh air, mar do bhi faói dul a luing go Síria, do chuir sé roímhe filleadh tar a ais go Macedónia.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Bhí sé trí mhí sa n-áit sin. Ansan cheap sé dul go Síria ar luing ach bhí na Iúdaígh i gceilg ag faire air agus shocaruigh sé ar theacht tré Mhacedonia.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 20:3
19 Tagairtí Cros  

Ar an dara lá déag den chéad mhí d'fhágamar abhainn Ahavá ar ár mbealach go Iarúsailéim; bhí gnaoi ár nDé orainn agus chosain sé ar an tslí sinn ó naimhde agus ó róbálaithe.


Má deir siad: “Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola; tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh;


Is ea, tá drochdhaoine le fáil i measc mo phobail; spréann siad a líonta; fearacht éanairí cuireann siad dol, agus gabhann daoine.


Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.


agus as sin go Filipí. Príomhchathair den taobh sin den Mhacadóin is ea Filipí agus coilíneacht Rómhánach is ea í freisin. Thugamar roinnt laethanta sa chathair sin.


Bhí aisling ag Pól ann oíche amháin: bhí fear ón Macadóin ina sheasamh ann, ag impí air agus ag rá: “Tar anall go dtí an Mhacadóin ag cabhrú linn.”


D'fhan Pól i gCorant ar feadh i bhfad. Ansin d'fhág sé slán ag na bráithre agus chuaigh ar bord loinge chun na Síre. Chuaigh Priscille agus Acula in éineacht leis. Bhí sé tar éis a cheann a bhearradh i gCeinchré mar bhí móid air.


Nuair a bhí an méid sin curtha i gcrích aige, shocraigh Pól ina aigne go dtabharfadh sé cúrsa na Macadóine agus Acháia agus go rachadh sé as sin go Iarúsailéim. “Tar éis dom dul go Iarúsailéim,” ar seisean, “ní mór dom an Róimh freisin a fheiceáil.”


Nuair a mhaolaigh ar an rírá, chuir Pól fios ar na deisceabail agus tar éis comhairle a thabhairt dóibh d'fhág sé slán acu agus d'imigh leis go dtí an Mhacadóin.


go raibh mé i mo sheirbhíseach lándeorach don Tiarna ainneoin gach cros dár rug orm trí chealga na nGiúdach;


Nuair a bhí na críocha sin siúlta aige agus mórán spreagadh á thabhairt aige do na Críostaithe, tháinig sé go dtí an Ghréig agus thug trí mhí ann.


nó gur thángamar i radharc na Cipire. D'fhágamar í ar an mbord clé agus sheolamar linn go dtí an tSír agus chuamar i dtír sa Tuír mar is ansiúd a bhí an bád le díluchtú.


agus d'iarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go Iarúsailéim, mar bhí luíochán á dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí.


Bhí mé chomh cinnte de sin gur bheartaigh mé ar dtús dul chugaibh ar cuairt agus comaoin dhúbailte a chur oraibh


Ba mhinic i mo shiúlta mé agus gur bhaol dom aibhneacha agus gur bhaol dom robálaithe; ba bhaol dom mo chine féin agus ba bhaol dom na gintlithe. Ba bhaol dom sa chathair agus ba bhaol dom faoin bhfásach; ba bhaol dom ar muir agus ba bhaol dom na bráithre bréige.


Ar theacht dúinn chun na Macadóine ní raibh aon suaimhneas le fáil ag ár gcolainn ach crosa ar gach taobh, achrann ón taobh amuigh agus imní ón taobh istigh.


Agus is go dúichí na Síre agus na Siléise a chuaigh mé ina dhiaidh sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí