Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 20:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Bhí sé trí mhí sa n-áit sin. Ansan cheap sé dul go Síria ar luing ach bhí na Iúdaígh i gceilg ag faire air agus shocaruigh sé ar theacht tré Mhacedonia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Chaith sé trí mhí ansin, ach go ndearna na Giúdaigh comhcheilg ina éadan agus é ar tí dul ar bhord loinge go dtí an tSír, agus gur ghlac sé ina cheann ansin filleadh bealach na Macadóine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus nuáir a bhí trí míosa caithte aige annsin, rinne na h-Iúdaigh luigheachán roimhe, agus é ar tí seoladh chun na Síre: agus chuir sé roimhe pilleadh fríd an Mháicideoin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus tar éis trí mí do chaitheamh annsin do cheap na h‐Iúdaigh cóimhchealg ’n‐a aghaidh, agus é ar tí imtheachta go Siria, agus do shocruigh sé ar fhilleadh tríd an Mhaiceadóin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar mbeith dhó trí mhí ann sin. Ar gcur lúigheacháin do na Iúdaighibh air, mar do bhi faói dul a luing go Síria, do chuir sé roímhe filleadh tar a ais go Macedónia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Bhí sé ar tí dul ar bord loinge go dtí an tSiria nuair a rinne na Giúdaigh comh-cheilg ina choinne. Chinn sé dá bhrí sin ar dhul ar ais tríd an Macadóin.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 20:3
19 Tagairtí Cros  

Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Agus as san go Philippi, príom-chathair sa chuid sin de Mhacedonia agus cathair daoine iasachta. Thugamair rainnt laethanta sa chathair sin, i gcómhairle.


agus do taisbeánadh aisling do Pól sa n-oidhche; fear ó Mhacedonia n-a sheasamh, agus é ’ghá ghuidhe, agus deireadh sé: Tar anall go Macedonia agus cabhruigh linne.


D’fhan Pól mórán laethanta sa n-áit. Ansan d’fhág sé slán ag na bráithribh agus chuaid sé ar luing go Síria (agus Priscilla agus Acuila i n-aonfheacht leis) tar éis a chínn a bhearradh i gCencrea, mar bhí móid aige.


Nuair a bhí na neithe sin críochnuighthe do bheartuigh Pól, sa spioraid, gabháil tré Mhacedonia agus tré Acaia agus dul go Ierúsalem, agus dubhairt sé: Tar éis me bheith sa n-áit sin ní foláir dom an Róimh a dh’fheisgint.


Ansan, nuair a bhí an toirmeasg imighthe do ghlaoidh Pól chuige na deisgiobuil agus do chómhairligh sé iad, agus d’fhág sé slán acu agus do ghluais sé chun dul go Macedonia.


Agus me ag déanamh seirbhíse Dé le fíosúmhluigheacht, ag sile deór, agus ag fulag na dtrioblóidí a tháinig orm tré cheilgibh na n-Iúdach;


Agus nuair a bhí na triúcha san siúbhalta aige agus mórán cainnte déanta aige leis na daoine tháinig sé sa Ghréig.


Thánamair i radharc Chuprois agus d’fhágamair ar ár láimh chlé é agus sheólamair go Síria agus thánamair go Túros; óir is ann a bhí ar an luing a h-ualach do chur aisti.


A d’iarraidh go mbead sé fábhramhail dóibh ’n-a choinnibh, go n-órdóchadh sé é thabhairt go Ierúsalem, agus bhí ceilg déanta acu chun go marbhóchaidís é ar an slige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí