Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 9:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 San am a raibh sé ag rá na cainte sin, chaith sé seile ar an talamh, agus rinne sé dóib den tseile, agus chuimil sé an dóib de shúile an fhir,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Nuair a dubhairt sé seo, chaith sé amach seileog ar an talamh, agus rinne sé cré de’n tseileoig, agus chuimil sé an chré ar a shúla,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Nuair adubhairt sé an méid sin, do chaith sé seile ar an talamh, agus do‐rinne sé láib de’n tseile, agus do sméaruigh sé a shúile leis an láib,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 An tan a dubhairt sé so, do chuir sé seile air an dtalamh, agus do rinne sé láib don tseile, agus do chumail sé an láib do shúilibh an doill:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Nuair adubhairt sé an chaint sin do chuir sé seile ar an dtalamh, agus dhéin sé lathach leis an seile, agus chimil sé an lathach de shúilibh an daill,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 9:6
5 Tagairtí Cros  

Déanfar a súile do na daill an uair sin agus réiteofar cluasa na mbodhar;


Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga,


Rug sé ar láimh ar an dall agus sheol as an mbaile é, chaith sé seile ar a shúile agus ar leagan a lámh air d'fhiafraigh de: “An bhfeiceann tú aon ní?”


D'fhreagair sé: “An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Siolóam agus nigh.’ D'imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.”


Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeifeá saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus uinnimint le do shúile a ungadh chun go mbeadh radharc agat.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí