Eoin 9:16 - An Bíobla Naofa 198116 Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: “Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Dúirt cuid eile: “Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?” Agus bhí aighneas eatarthu. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)16 Arsa cuid de na Fairiséigh, “Ní ó Dhia an fear seo, mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Ach dúirt dream eile, “Conas a dʼfhéadfadh fear a bheadh ina pheacach comharthaí mar sin a dhéanamh?” Dʼéirigh easaontas eatarthu. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara16 Ar an adhbhar sin dubhairt cuid de na Fairsínigh: Ní ó Dhia an duine seo nach gcongbhuigheann an tsabóid. Acht dubhairt cuid eile: Cad é mar is féidir do dhuine pheacthach na míorbhailte seo a dhéanamh? Agus bhí siosma eatortha. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)16 Uime sin adubhairt cuid de na Fairisíneachaibh, Ní ó Dhia an fear so, óir ní choimhéadann sé an tsabóid. Acht bhí cuid eile aca adubhairt, Cionnas is féidir do dhuine peacamhail a leithéidí de mhíorbhailtibh do dhéanamh? Agus do bhí siosma eadortha. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)16 Uime sin a dubhradar cuid do na Phairisíneachuibh, Ní ó Dhía an duinesi, óir ní chongbhann sé an tsabbóid. A dubhradar cuid eile, Cionnus as éidir lé duine peacthach a léithéid so do chomharthadhuibh a dhéunamh? Agus do bhi siosma eatorra. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)16 Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh; Ní h-ó Dhia an fear so ná coimeádann an tsabbóid. Agus dubhairt tuille acu: Conus is féidir do dhuine pheacamhail na mírbhúiltí seo déanamh? Agus bhí siosma eatartha. Féach an chaibidil |