Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 19:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Nuair a chonaic uachtaráin na sagart agus a muintir é, scread siad amach: “Céas é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “Tógaigí sibhse é agus céasaigí é, óir ní fhaighimse cúis daortha ann.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Nuair a chonaic na hardsagairt agus na hoifigigh é, ghlaoigh siad in ard a gcinn, “Céas é, céas é!” Dúirt Píoláid leo, “Glacaigí agus crochaigí féin é, mar ní fhaighim coir ar bith ann.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Nuair a chonnaic na h-árdshagairt agus na h-oificigh é, dá bhrígh sin, scairt siad amach, ag rádh: Céas é, céas é. Deir Pioláit leo: Beirigidh féin libh é, agus céasaigidh é: óir ní fhaghaim-se coir ar bith ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus nuair do chonnaic na h‐árd‐shagairt agus na h‐oifigigh é, do liúghadar g‐á rádh, Croch é, croch é. Adubhairt Píoláid leo, Tógaidh féin é, agus crochaidh é: óir ní fhaghaim‐se coir ar bith ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Ar a nadhbharsin an tan do chunncadar na hárdsagair agus a muinntir é, do thógbhadar gáir, ag rádh, Croch é, croch é. A dubhairt Píoláid ríu, Glacuidh féin, agus crochuidh é: óir ní fhaghaimsi cúis air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus nuair a chonaic na h-árd-shagairt agus a n-oificeacha é do liúghadar agus dubhradar: Céas é, céas é. Dubhairt Pílát leó: Tógaidh féin é, agus céasaidh é; óir ní bhfaghaim-se aon choir ann.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 19:6
15 Tagairtí Cros  

Bhí Peadar á leanúint i bhfad uaidh chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus ar dhul isteach ann dó, chuaigh ina shuí i measc na seirbhíseach d'fhonn go bhfeicfeadh críoch an scéil.


Dúirt Pioláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!”


Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.”


Dúirt Pioláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní bhfaighim ciontacht ar bith sa duine seo.”


Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair.


Dúirt Pioláit leo: “Tógaigí féin é, agus triailigí é de réir bhur ndlí féin.” Dúirt na Giúdaigh leis: “Ní dleathach dúinne aon duine a chur chun báis” -


Dúirt Pioláit leis: “Cad is fírinne ann?” Agus arna rá sin dó, ghabh sé amach arís chun na nGiúdach, agus dúirt leo: “Ní fhaighim aon chúis daortha ann.


Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” D'fhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Céasar.”


Chuaigh Pioláit amach arís agus dúirt sé leo: “Féach, táim á thabhairt amach chugaibh, chun go mbeadh a fhios agaibh nach bhfaighim cúis daortha ann.”


Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí.


Cén duine de na fáithe nach ndearna bhur sinsir géarleanúint air? Agus d'imir siad an bás orthu siúd a thairngir teacht an Fhíréin. Agus anois tá sibhse tar éis é a bhrath agus a chur chun báis,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí