Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 18:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 D'fhreagair Íosa: “Dúirt mé libh gur mise é. Mar sin, más mise atá uaibh, scaoiligí chun siúil iad seo” -

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Dʼfhreagair Íosa, “Tá inste agam daoibh gur mise é; mar sin, ós mé atá uaibh, ligigí do na fir seo imeacht.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 D’fhreagair Íosa: Dubhairt mé libh, gur mise é: ar an adhbhar sin, má’s mise atá sibh a chuartughadh, leigigidh dóbhtha seo imtheacht.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 D’fhreagair Íosa, Adubhras libh gur mise é: d’á bhrigh sin má’s mise atá uaibh, leigidh dhóibh seo bheith ag imtheacht:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Do fhreaguir Iósa, Dinnis mé dhaóibh gur misi é: Ar a nadhbharsin más misi íarrthaói, léigidh dhóibh so imtheachd:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 D’fhreagair Íosa iad: Dubhart libh gur mise e; agus má’s mise atá uaibh leigidh dóibh seo imtheacht. Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt sé:

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 18:8
13 Tagairtí Cros  

Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d'aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.


Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.


Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh, agus ní chaillfear go deo iad, ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.


Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta.


Dúirt Síomón Peadar leis: “A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?” D'fhreagair Íosa é: “Mar a bhfuilimse ag dul, ní féidir duitse mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí.”


Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m'aonar. Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.


D'fhiafraigh sé díobh arís: “Cé tá uaibh?” “Íosa ó Nazarat,” ar siad.


chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt sé - “Na daoine a thug tú dom, níor chaill mé aon duine díobh.”


Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.


ach is é a dúirt sé liom: “Is leor duit mo ghrásta, mar is tríd an laige a thagann an neart chun foirfeachta.” Is móide is fonn liom dá bhrí sin a bheith ag maíomh as mo laigí le hionchas go luífeadh cumhacht Chríost orm.


A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d'fhonn í a choisreacan do Dhia.


Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí