Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 13:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Amen, Amen, a deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Is fíor atá, agus is fíor mo rá, nach fearr an seirbhíseach ná a mháistir; agus nach fearr an teachtaire ná an té a chuir uaidh é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Amén, amén, adeirim libh: ní fhuil an sembhíseach níos mó ná a Thighearna: ná ní fhuil an t-abstal níos mó ná an té a chuir uaidh é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Go fírinneach adeirim libh, Ní mó an seirbhíseach ’ná a mháighistir; agus ní mó an teachtaire ’ná an té do chuir uaidh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Ní mó an tóglach na a mhaighisdir; agus ní mó an teachdaire na an té do chuir úadh é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Go deimhin, deimhin, adeirim libh. Ní’l an seirbhíseach níos mó ’na a mháighistir, ’ná ní’l an t-aspol níos mó ’ná an t-é chuir uaidh é.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 13:16
7 Tagairtí Cros  

Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir.


Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.


D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”


D'fhreagair Íosa: “Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.


Maidir le Títeas, is páirtí liom féin é agus cúntóir chun freastail oraibhse. Agus i dtaca lenár mbráithre de, is teachtaí ó na heaglaisí iad agus is creidiúint iad do Chríost.


Measaim, áfach, nach mór dom mo bhráthair Eapafraidíteas a chur chugaibh. Is comhoibrí agus comhthrodaí liom é agus is sibhse féin a sheol chugam ina theachta é chun riar mo cháis a sholáthar dom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí